Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 12:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Tá na scriosadóirí tagtha go gach cnocán lom san fhásach (óir beartaíonn an Tiarna claíomh a shlogann); ó cheann ceann na tíre ní bhfaigheann feoil ar bith síocháin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Thangadar sgriosdóiridhe ar gach uile áit áird ar feadh a nfásuigh: óir sliugfidh cloidheamh an TIGHEARNA ó aóinchionn don dúthaigh go nuige an ccionn oile don dúthaigh: ní bhfuighe feóil ar bith síothcháin.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 12:12
31 Tagairtí Cros  

Tá claíomh ag an Tiarna agus é sách le fuil, tá sé bealaithe le blonag, le fuil na n‑uan agus na ngabhar, le geir cheathrún na reithí. Mar tá íobairt ag an Tiarna i mBozrá agus eirleach mór aige i bhfearann Eadóm.


“Níl síocháin i ndán,” a deir mo Dhia, “do lucht na hurchóide.”


Agus má fhiafraíonn siad díot: ‘Cá rachaimid?’ inseoidh tú é seo dóibh: Is mar seo a deir an Tiarna: ‘An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá; an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh; an mhéid faoi choinne an ghorta, chun an ghorta; an mhéid fáoí choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais!’


Sea, is mar seo a deir an Tiarna: Ná téigh isteach i dtigh an tórraimh le go ndéana tú caoi agus truamhéil leo; mar thóg mise mo shíocháin ón bpobal seo - an Tiarna a labhraíonn - mo shíocháin agus mo thruamhéil.


Scriosfar an tír ar fad agus beidh sí ina fásach, fad a fhanfaidh siad ina sclábhaithe i measc na gciníocha go ceann seachtó bliain.


Tóg do shúile chuig na harda loma agus féach! An bhfuil áit ar bith nár luíodh leat? Shuigh tú sna bealaí rompu ar nós Arabaigh san fhásach. Tá an talamh truaillithe ag do striapachas agus do chionta.


Tá gleo le clos ar na harda loma: Caoineadh agus impí chlann Iosrael, óir is fada amú a chuaigh siad, agus rinne dearmad ar an Tiarna a nDia.


“Is mar seo a deir an Tiarna: chuala [mé] guth criothnaithe, guth eagla, agus ní guth síochána é.


“Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: ‘Níor umhlaigh sibh domsa, gach duine saoirse a fhógairt dá dheartháir agus dá chomharsa. Tá go maith mar sin - is é an Tiarna a labhraíonn - fógraímse daoibhse saoirse chun an chlaímh, na plá agus chun an ghorta; déanfaidh mé díol uafáis díbh don uile ríocht ar domhan.


Óir is mar seo a deir an Tiarna: “Scriosfar an tír ar fad, cuirfidh mise críoch leis den turas deireanach;


Seo é anois lá an Tiarna, Dia na Slua, an lá a agróidh sé a dhíoltas slogfaidh a chlaíomh iad agus sásófar é, cuirfear ar meisce é lena bhfuil. Sea, tá íobairt ag an Tiarna, Dia na Slua, sa tír thuaidh, láimh le habhainn Eofrataes.


Ó, a chlaíomh an Tiarna, Cá fhad go mbeidh tú suaimhneach? Isteach leat i do thruaill, éirigh as, bí socair!


Ní ábhar maíte é ag Móáb a thuilleadh! bheartaigh siad a bhriseadh ag Heisbeon: ‘Tagaigí! gearraimis amach é ó bheith ina chine!’ Gearrfar síos thusa freisin, a Mhadmaen, ní fada uait an claíomh.


Bhí súil againn le síocháin - ach níor tháinig maith ar bith, le haimsir shlánaithe, ach féach an scéin!


Is fada ó mo chroí a dhíbir tú an tsíocháin sa chaoi nach cuimhin liom céard is sonas ann.


Nó dá dtabharfainn claíomh ar an tír sin agus a rá: Téadh an claíomh tríd an tír, agus go scriosfainn gach fear agus ainmhí amach as;


Dar le muintir na cathrach, iadsan a thug mionna, is fáistine bhréige í. Ach cuirfidh seisean a gcionta i gcuimhne dóibh ionas go ngabhfar iad.


Feicfidh an uile dhuine gur mise, an Tiarna, a las í; ní mhúchfar í.’ ”


Abair le tír Iosrael: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé i do choinne, nochtfaidh mé mo chlaíomh as a thruaill agus maróidh mé idir fhíréan agus chiontach.


Tarraingeoidh mé mo chlaíomh as a thruaill leis an bhfíréan agus an ciontach a leagan, ón Neigib ó thuaidh.


Dófaidh tú trian di le tine i lár na cathrach nuair a bheidh tréimhse an léigir istigh; glacfaidh tú trian agus buailfidh leis an gclaíomh é timpeall na cathrach; scaipfidh tú trian leis an ngaoith agus tarraingeoidh mise an claíomh amach ina ndiaidhsean.


Scaipfidh mé sibh i measc na gciníocha agus nochtfaidh mé an claíomh ar bhur sála; millfear bhur gcríocha agus déanfar fásach de bhur gcathracha.


Fiú má chuireann a naimhde i ngéibheann iad ordóidh mé don chlaíomh iad a mharú ansin, agus ní le gnaoi ach le holc chucu a choimeádfaidh mé súil orthu.”


Agus fiú amháin sibhse, a Chúisíteacha, pollfar sibh le mo chlaíomh.


Cuirfidh mé meisce fola ar mo shaigheada, agus slogfaidh mo chlaíomh feoil ina chraos fuil na gcrólíoch agus na gcimí, agus cloigne cheannairí an namhad.”


Agus amach le heach eile, é seo craorag, agus ceadaíodh dá mharcach an tsíocháin a bhreith leis ón talamh, chun go maródh daoine a chéile; agus tugadh claíomh mór dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí