Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 11:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 “Is mar seo a smachtóidh mise iad,” a deir Tiarna na Slua, “titfidh a n‑ógánaigh leis an gclaíomh, éagfaidh a mic agus a n‑iníonacha le gorta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Ar a nadhbharsin is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Féuch, smaichteocha misi íad: muirfighear na daóine óga ris an ccloidheamh; éugfuid a mic agus a ninghiona ré gorta:

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 11:22
9 Tagairtí Cros  

Thug sé rí na gCaildéach ina gcoinne dá bhrí sin agus chuir siadsan a laochra óga chun báis le faobhar claímh i dteach a sanctóra, gan trua gan taise ar ógánach ná ar mhaighdean, ar sheanóir ná ar sheanduine cromtha. Thug Dia iad go léir ar láimh dó.


Ar an ábhar sin seachaid a gclann mhac don ghorta; tabhair suas iad do bhéal an chlaímh. Go raibh a mná céile gan sliocht, go bhfágtar ina mbaintreacha iad. Go n‑éaga a bhfir den phlá; go dtite a n‑ógánaigh leis an gclaíomh sa chath.


(Smachtóidh mé sibh de réir sochar bhur ngníomhartha - an Tiarna a labhraíonn.) Cuirfidh mé tine lena fhoraois; dófaidh sí an dúiche uile máguaird.’ ”


Smachtóidh mise an dream a chónaíonn i dtír na hÉigipte chomh dian céanna agus a smachtaigh mé Iarúsailéim, leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá.


“Ar an ábhar sin titfidh a fir óga ina sráideanna, agus éagfaidh an uile fhear cogaidh aici ar an lá sin. Is é Tiarna na Slua a labhraíonn.


Tháinig an bás suas chun ar bhfuinneog, agus rinne a bhealach isteach inar bpáláis; ghearr sé anuas na leanaí sa tsráid, na fir óga ar an bhfaiche.


Tá óg agus aosta ina luí ar an talamh sna sráideanna; tá m'ógfhir agus mo mhaighdeana tar éis titim le faobhar an chlaímh; tusa a mharaigh iad ar lá do dhíbheirge; rinne tú sléacht orthu gan trua.


Bhuail mé le haicíd sibh dála na hÉigipte, leag mé bhur n‑óigfhir leis an gclaíomh, agus rug mé bhur n‑eich uaibh, líon mé bhur bpolláirí le bréantas bhur gcampaí; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí