Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 10:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 - airgead spréite as Tairsís, agus ór as Óifír - obair an tsnoíodóra agus saothar an cheardaí óir; saothar ceardaí éigin iad go huile; gléastar iad in éadach, corcra agus corcairghorm.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Túgadh airgiod ar na leathnúghadh amach ó Tharsis, agus ór ó Uphas, obair a nfir oibre, agus láimhe an chéard óir: gorm agus dearg a néaduighe: is oibreacha lámh dhaoine críonna íad uile.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 10:9
12 Tagairtí Cros  

Bhí cabhlach Thairsís ar muir ag an rí in éineacht le cabhlach Híorám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus babúin.


Théadh longa an rí go Tairsís in éineacht le searbhóntaí Húrám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus bábúin.


Ór agus airgead a n‑íolasan, agus saothar láimhe an duine.


Tiocfaidh ríthe Thairsís agus na nInsí, ag triall air le tabhartais. Tabharfaidh ríthe na hAráibe agus Seaba bronntanais chuige.


Tógaigí oraibh go Tairsís siar, a deir siad, bígí ag mairgneach, a mhuintir an chósta.


Íol, an ea? Rud a theilgeann ceardaí i múnla, a gcuireann gabha screamh óir air, agus a ngaibhníonn sé slabhraí airgid dó.


Bhí Tairsís ag trádáil leat mar gheall ar mhéid do shaibhris. Malartaíodh airgead, iarann, stán agus luaidhe ar d'earraí.


Ba línéadach mín ón Éigipt, ar a raibh obair bhróidnéirithe, do sheol agus do mheirge ar aon. Ba ghorm corcra do scáthbhrat ó insí Eilíseá.


Cad is ceart d'Iosrael a dhéanamh leis? Saor a rinne é; ní dia é. Go deimhin, imeoidh lao na Samáire in aon bhladhm amháin lasrach.


D'éirigh Ióna ach bhí sé meáite ar theitheadh go Tairsís ó láthair an Tiarna. Chuaigh sé síos go Iopa, mar sin, agus fuair sé long ann a bhí ar tí dul go Tairsís; d'íoc sé an táille agus chuaigh sé ar bord chun taisteal go Tairsís i gcuideachta na foirne ó láthair an Tiarna.


Is mairg don fhear a deir le smután adhmaid: “Múscail thú féin”; agus leis an gcloch bhalbh: “Éirigh.” An féidir le rud mar sin oracal a thabhairt uaidh? Féach, tá sé clúdaithe le hór agus le hairgead ach níl puth anála ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí