Irimia 10:25 - An Bíobla Naofa 198125 Doirt amach do dhíbheirg ar na náisiúin nach dtugann aithne duit, agus ar na ciníocha nach ngaireann ar d'ainm, óir d'ith siad Iacób agus shlog siad é, agus rinne siad a áitreabh uaigneach. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)25 Dóirt amach do dhíbhfhearg ar na geintibh dá nach athnid thú, agus ar na muinntearuibh nach goirionn air hainm: óir a dúadar súas Iácob, agus do shluigiodar é, agus do chaitheadar é, agus do rínneadar a áitreabh uáigneach. Féach an chaibidil |
“Ar an ábhar sin,” a deir an Tiarna, “fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir; mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú, na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéile chun go ligfidh mé mo racht amach orthu, mo chuid feirge fíochmhaire go léir. Go deimhin, ídeofar an domhan go léir le tine mo chuid éada.