Iósua 5:5 - An Bíobla Naofa 19815 An mhuintir go léir a tháinig amach do timpeallghearradh iad; ach an méid daoine a rugadh san fhásach ar a slí dóibh tríd tar éis teacht as an Éigipt, níor timpeallghearradh iadsan. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)5 Annois an mhéid dáoine tháinic amach do thimchillghearradh íad: achd an mhéid dáoine rugadh san bhfásach ar a tslighe mar thangadar amach as an Négipt, níor thimchillghearradar íad sin. Féach an chaibidil |
Mar bhí clann Iosrael ar guardal san fhásach ar feadh daichead bliain nó go raibh an pobal go léir tar éis bháis, na fir go léir is é sin, a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, mar níor éisteadar le glór an Tiarna; thug an Tiarna mionn dóibhsean nach ligfeadh sé dóibh go deo radharc a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.