Iósua 2:9 - An Bíobla Naofa 19819 agus dúirt sí leis na fir: “Tá a fhios agam gur thug an Tiarna an tír daoibh agus gur bhuail scanradh sinn romhaibh, agus gur thit an lug ar an lag ar dhúchasaigh na tíre romhaibh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Agus a dubhairt ris na dáoinibh, Atá a fhios agum go ttug an TIGHEARNA an tír dhíbh, agus gur thuit bhur nuamhan oruinn, agus gur lagadh dúthchusaigh na tíre eile air bhur son. Féach an chaibidil |
Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael.
Sé freagra a thugadar ar Iósua: “Rinneamar amhlaidh mar go rabhamarna, do searbhóntaí, lándeimhin de gur ordaigh an Tiarna, do Dhia, do Mhaois, a ghiolla, an tír seo go léir a thabhairt daoibh agus a bhfuil ina gcónaí ann a scrios romhaibh; agus de réir mar a bhí sibh ag druidim linn tháinig scanradh inár mbeatha orainn romhaibh.