San aonú bliain tríochad de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Omraí i gcoróin ar Iosrael agus bhí sé i réim ar feadh dhá bhliain déag. Bhí sé sé bliana i réim i dTirzeá.
Chuaigh a sliocht isteach agus ghabh an tír, Agus threascair tú rompu Na Canánaigh, áitritheoirí na tíre, Agus thug tú ar láimh dóibh iad, Idir ríthe agus phobal na tíre, Le déanamh leo mar ab áil leosan.
Tabharfaidh sé a ríthe ar láimh duit agus déanfaidh tú a n‑ainmneacha a scrios ó faoin spéir; fear ní fhéadfaidh seasamh i d'aghaidh nó go mbeidh siad go léir scriosta agat.