Ansin an tAmailéiceach agus an Canánach a bhí ag cur fúthu sna hardáin sin, thángadar anuas agus bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu síos amach go Hormá.
Rí Arád, an Canánach a bhí ag cur faoi sa Neigib, chuala sé go raibh Iosrael ag teacht trí bhealach Atáraím. D'ionsaigh sé Iosrael agus ghabh sé roinnt priosúnach.
D'éist an Tiarna le guth Iosrael agus thug na Canánaigh ar láimh dóibh; chuireadar faoi bhang iad, iad féin agus a gcathracha. Tugadh Hormá (Bang) ar an áit seo.