Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Ióna 4:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Dúirt Dia leis ansin: “An ceart duit, dáiríre, bheith chomh feargach sin mar gheall ar an bplanda?” “Is ceart go deimhin,” d'fhreagair Ióna, “is ea agus chomh feargach sin le bás a fháil dá bharr.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus a dubhairt Día ré Ionah, An maith do ní tusa fearg do bheith ort mun scáth? Agus a dubhairt seision, Is maith do ním bheith feargach, eadhon go nuige an mbás.

Féach an chaibidil Cóip




Ióna 4:9
13 Tagairtí Cros  

Chuaigh Acháb abhaile agus gruaim agus crá air mar gheall ar fhocail Nábót ó Izréil: “Ní thabharfaidh mé oidhreacht mo shinsear duit.” Luigh sé ar a leaba agus d'iompaigh a aghaidh ó radharc agus dhiúltaigh sé bia a ithe.


A stollann é féin le barr feirge? An gcaithfear an tír a bhánú ar do shon Agus an charraig a chur as a leaba?


Seachain agus ná mealladh maoin thú, Agus ná déanadh breabanna teanna thú a chur amú.


Maraíonn an faltanas an t‑amadán Agus básaíonn an formad an duine baoth.


Bhí Ióna an-mhíshásta leis seo agus tháinig fearg air.


Dúirt an Tiarna: “Is trua leatsa an planda seo cé nár chuir tú aon dua ort féin leis agus nach tusa a chuir ag fás é; phéac sé aníos ó fhréamh san aon oíche amháin agus d'fheoigh sé an oíche chéanna.


Nuair a d'éirigh an ghrian, shocraigh Dia go n‑éireodh gaoth loiscneach anoir; rud eile, bhí an ghrian ag doirteadh anuas ar chloigeann Ióna sa chaoi gur tháinig laige air agus gur ghuigh sé go bhfaigheadh sé bás, á rá: “Is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”


Dúirt sé leo ansin: “Tá buaireamh mór ar m'anam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire liom.”


Mar an bhuairt a bhíonn de réir thoil Dé, saothraíonn sí an aithrí úd a sheolann daoine ar bhóthar a slánaithe agus ní aon chúis aiféala é sin, ach ní thagann ón mbuairt shaolta ach an bás.


Sna laethanta úd beidh daoine ar lorg an bháis ach gan é a fháil, agus ag tnúth le bás a fháil, ach éalóidh an bás uathu.


Lean sí uirthi go dian lá i ndiaidh an lae lena ceisteanna chuige, gan aon sos a thabhairt dó, go dtí go raibh sé bréan go bás den scéal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí