Ióna 4:5 - An Bíobla Naofa 19815 D'imigh Ióna leis agus chuir sé faoi ar an taobh thoir den chathair. Thóg sé botháinín dó féin ann agus shuigh sé síos faoina scáth; d'fhan sé ansin chun go bhfeicfeadh sé cad a tharlódh sa chathair. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)5 Ann sin do chuáidh Iónah amach as an ccathruigh, agus do shuigh sé air an ttaóibh shoir don chathruigh, agus do rinne sé both dhó ann, agus do shuigh fuithe annsa scáth, iondus go bhfaiceadh cred do thiucfadh don chathruigh. Féach an chaibidil |
Tháinig scanradh a n‑anama ar an bhfoireann agus d'impigh gach duine díobh os ard ar a dhia féin cabhrú leo; agus, chun an long a éadromú dóibh féin, theilg siad amach san fharraige a raibh ar bord. Idir an dá linn, áfach, bhí Ióna tar éis dul síos i mbroinn na loinge agus bhí sé ina luí ansin agus é ina shámhchodladh.