Ióna 3:8 - An Bíobla Naofa 19818 Cuireadh idir dhaoine agus ainmhithe sacéadach orthu féin agus glaoidís os ard ar Dhia. Tréigeadh cách a ndrochiompar agus cuiridís díobh an lámh láidir. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)8 Acht folchthar an duine agus an beathach le saicéadach, agus éighedís go hárd chum Dé: aseadh, filleadh gach áon díobh ó na dhroichshlighe, agus ó néigion atá iona lámhuibh. Féach an chaibidil |
Labhair anois, ar an ábhar sin, le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Éistigí, tá briseadh á chumadh agam in bhur n‑aghaidh, tá tubaiste daoibh á ceapadh agam. Filligí mar sin, gach uile dhuine agaibh, ó bhur n‑imeachtaí gránna, leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha.’
Mar sin de, d'agair siad an Tiarna agus ghlaoigh siad amach os ard: “Ná cailltear sinne, a Thiarna, toisc sinn a bheith páirteach i gcinniúint an fhir seo; ná cuir inár leith gur dhúnmharaíomar duine neamhchiontach; óir, is de réir mar a thogair tú féin amháin, a Thiarna, atá na cúrsaí seo mar atá siad.”