Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Ióna 1:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Mar sin féin lean na mairnéalaigh leo ag rámhaíocht go tréan le súil go bhféadfaidís an long a thabhairt ar ais go dtí an mhórthír ach ba shaothar in aisce acu é, mar bhí an fharraige ag éirí níos stoirmiúla fós ina n‑aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Thairis sin diomramhadar na fir go láidir dá thabhairt a ttír; acht níor fhéadadar; óir doibrigh a nfairge, agus do bhí sí anfadhach na naghaidh.

Féach an chaibidil Cóip




Ióna 1:13
4 Tagairtí Cros  

D'fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh; Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?” Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine,


Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna.


“Tógaigí suas mé,” ar seisean leo, “agus caithigí isteach san fharraige mé agus suaimhneoidh sí daoibh ansin. Óir is maith atá a fhios agam gur mise faoi deara an stoirm mhór seo a theacht oraibh.”


Mar sin de, d'agair siad an Tiarna agus ghlaoigh siad amach os ard: “Ná cailltear sinne, a Thiarna, toisc sinn a bheith páirteach i gcinniúint an fhir seo; ná cuir inár leith gur dhúnmharaíomar duine neamhchiontach; óir, is de réir mar a thogair tú féin amháin, a Thiarna, atá na cúrsaí seo mar atá siad.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí