Iób 42:8 - An Bíobla Naofa 19818 Faighigí, dá bhrí sin, seacht dtarbh agus seacht reithe agus téigí go dtí mo shearbhónta Iób, agus ofrálaigí íobairt uileloiscthe ar bhur son féin; agus déanfaidh mo shearbhónta Iób guí ar bhur son. Éistfidh mé lena impí gan bhur mbaois a agairt oraibh nár inis sibh an ceart fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)8 Uimesin glacuidh chugaibh anois seachd mbulóga agus seachd reithe, agus éirghidh a cceann mo shearbhfhoghantuigh Iób, agus ofraluidh súas ar bhur son féin íodhbuirt loisge; agus gúidhfidh mo shearbhfhoghantuigh Iób ar bhur son: óir glacfuigh misi leis: deagla go ndéanuinn ribh do réir bhur leimhe, do chionn nar labhrabhair orum an ní is ceart, mar mo shearbhfhoghantuigh Iób. Féach an chaibidil |
Nuair a bhíodh an cúrsa fleá thart chuireadh Iób fios orthu teacht agus iad féin a íonghlanadh; d'éiríodh sé go moch ar maidin agus d'ofráladh sé íobairtí uileloiscthe thar cheann gach duine díobh go léir. Óir deireadh Iób: “Cá bhfios nár pheacaigh mo chlann mhac agus nár thug siad masla do Dhia ina gcroí?” Mar sin a rinne Iób i gcónaí.