Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 4:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Nach bhfuil muinín agat as d'fhíréantacht Agus dóchas agat as do bheatha ionraic?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Nach í so heagla, do dhóthchus, do dhóigh, agus fíréuntachd do shlightheach?

Féach an chaibidil Cóip




Iób 4:6
17 Tagairtí Cros  

“Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.


Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t‑olc.


Maraíodh sé mé más áil leis, níl de dhóchas agam Ach mo bhealaí a chosaint ina láthair.


Cé nach bhfuil an lámh láidir ag roinnt liom, Agus gur íon í mo phaidir.


Cá bhfuil mo dhóchas, más ea, Agus cé d'fhéadfadh aon [aoibhneas] a fheiceáil i mo chomhair?


Le Dáiví. 1 Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna, óir shiúil mé ar shlí an ionracais, agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh.


Má bhíonn arm in eagar catha i mo choinne ní bheidh eagla ar mo chroí. Fiú amháin má bhítear ag cur cogaidh orm beidh dóchas agam ann.


Ábhar teann muiníne ag duine is ea eagla an Tiarna; beidh sé mar thearmann ag a chlann.


Óir is é an Tiarna a bheidh agat mar urra, agus a shaorfaidh do chéimeanna ón ngaiste.


Is é cúl taca na haimsire é; an eagna agus an t‑eolas, is iad sin an stór a shlánaíonn, is í eagla an Tiarna is taisce dó.


Dá bhrí sin cuirigí bhur n‑aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost.


Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí