Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 39:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Is garg a bhíonn sí lena gearrcaigh, amhail is nár léi iad; Is cuma léi más saothar in aisce a saothar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Cruadhuighthear í a naghaidh a héun óg, mar budh eadh nach ar lé íad: as diomhaóin a sáothar gan eagla;

Féach an chaibidil Cóip




Iób 39:16
10 Tagairtí Cros  

Gan cuimhneamh air go satlódh cos orthu, Nó go mbrúfadh ainmhí allta iad.


Óir rinne Dia ar bheagán céille í, Agus níor thug aon chuid di sa tuiscint.


Cuireann saothar an amadáin tuirse air mar ní eol dó an bóthar chun an bhaile mhóir.


Féach, a Thiarna, agus breathnaigh ar cé hí ar chaith tú léi mar seo; ní féidir gurbh éigean do mhná naíonáin dhea-chumtha a mbroinne féin a ithe; ní féidir gurbh éigean sagairt agus fáithe a mharú i sanctóir an Tiarna!


Fiú amháin na seacáil nochtann siad a n‑ucht agus tugann siad an chíoch dá gcoileáin; ach tá mo phobal ionúin éirithe chomh cruachroíoch le hostraisí an fhásaigh.


Nach é toil Dhia na Slua é gur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil? agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha.


bíonn siad gan tuiscint gan tairise, gan taise gan trua.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí