Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 38:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Cá raibh tú nuair a leag mé síos máithreacha na cruinne? Inis dom é, os rud é go bhfuil tú chomh heolgaiseach!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Cait a raibh tusa núair do shuighidh misi bunáit an domhuin? foillsigh, má tá tuigse agad.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 38:4
18 Tagairtí Cros  

I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh.


Sin iad céatúsa neimhe agus talún nuair a cruthaíodh iad. Nuair a rinne an Tiarna Dia neamh agus talamh,


An tú céadghin an chine dhaonna? Nó ar saolaíodh thú roimh na sléibhte?


Nuair a thug sé a meáchan don ghaoth, Agus a thomhais sé toirt na n‑uiscí,


Cé chuir an chruinne faoina chúram Agus an saol mór ina iontaoibh?


Deirim: “A Dhia liom, ná tóg mé chun siúil, ná sciob mé leat i lár mo laethanta, ós tú a mhaireann go brách na breithe.”


Bhunaigh tú an talamh ar dtús; is iad na flaithis saothar do lámh.


Chuir tú an talamh ina sheasamh ar a bhonn; ní dhéanfar a bhogadh go brách na breithe.


Bhunaigh an Tiarna an chruinne ar a máithreacha le barr eagna, agus le barr tuisceana dhaingnigh sé na spéartha.


Cé a chuaigh suas ar neamh agus a thuirling arís? Cé a cheap na gaoithe ina mháma? Cé a ghabh na huiscí ina bhrat? Cé a chuir bonn faoi chríocha na cruinne? Céard is ainm dó féin agus céard is ainm dá mhac? Ar ndóigh is eol duit!


Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair, roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód.


Cé air a d'iarrfadh sé comhairle chun breithiúnas, chun eolas a chur ar bhealach na córach, chun slí na tuisceana a aimsiú?


Is é a rinne an talamh lena chumhacht, is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna, agus a spréigh amach na spéartha lena ghrinneas.


Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte, a chruthaigh an ghaoth, a fhoilsíonn a smaointe don duine, a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas], a shiúlann in áiteanna arda an domhain; is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó.


agus: “Is tú a Thiarna, a bhunaigh an domhan ar dtús; saothar do lámh is ea na spéartha;


ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann.


Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí