Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 38:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Chun go mbéarfadh sé greim ar imill an domhain Agus go ndéanfaí na héagráifigh a chroitheadh as,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Chor go mbéaradh sé greim ar théorannuibh an domhuin, chor go ccroithfidhe na drochdhaoine as amach?

Féach an chaibidil Cóip




Iób 38:13
13 Tagairtí Cros  

Mar tá radharc aige go imill na cruinne, Agus feiceann sé gach ní faoin spéir go léir.


Tá fios a mbeart aige, Agus treascrann sé faon ar lár iad san oíche.


Buaileann sé iad de bharr a gcoirpeachta, Agus [déanann cimí díobh] os comhair an tsaoil.


Ná ní fhágann an peacach i mbláth a chumhachta. Tugann sé a chuid don bhocht,


Scaoileann sé a thintreach ar feadh stua na spéire, Agus sroicheann sí go himeall na cruinne.


Ar thug tú ordú don mhaidin riamh i do shaol? Ar thaispeáin tú a háit d'fháinne an lae?


Agus sa chaoi go dtugtar a chruth chun léire mar a bhuailtear cló ar chré le séala, Agus go ndéantar é a dhathú mar bhrat,


Go scriostar na peacaigh as an talamh; agus go dté na hurchóidigh ar ceal. Beannaigh an Tiarna, a anam liom. Alleluia!


Shín Maois a lámh amach os cionn na farraige dá bhrí sin agus le breacadh an lae d'fhill an fharraige ar a cúrsa gnáth. Chuaigh na hÉigiptigh ceann ar aghaidh isteach inti ina raon teite agus chloígh an Tiarna na hÉigiptigh i mbroinn na bóchna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí