Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 38:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Agus dúirt mé: “An fad seo a thiocfaidh tú, ach gan teacht thairis seo; Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus a ndúbhairt mé, Go nuige so thincfas tú, agus ní thairis: agus ann so fhoisteochthar do thonna uáibhreacha?

Féach an chaibidil Cóip




Iób 38:11
19 Tagairtí Cros  

D'imigh sé leis agus fuair sé corp an fhir sínte ar an mbóthar agus an t‑asal agus an leon ina seasamh taobh leis an gcorp. Ní raibh an corp ite ná an t‑asal stollta ag an leon.


Sna nithe sin uile níor pheacaigh Iób ná níor labhair go tarcaisneach in aghaidh Dé.


Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Féach! tá sé faoi do chumhacht; ach caomhnaigh a anam, sin uile!”


Chuir sé fáinne thart ar dhromchla na n‑uiscí, Ag an teorainn idir solas agus dorchadas.


Chuir mé teorainn léi, Agus shocraigh mé barraí agus doirse di.


Ar thug tú ordú don mhaidin riamh i do shaol? Ar thaispeáin tú a háit d'fháinne an lae?


Chuir tú teorainn leo nár chead dóibh dul thairsti, sula bhfolaidís an talamh as úire.


Sea, scuabfadh na tonnta chun siúil sinn, go ndéanfadh ár mbá.


Nuair a d'éirigh Dia a thabhairt breithiúnais, a tharrtháil daoine ísle na cruinne. Selah


A Thiarna Dia na slua, cé is comhionann leat? Is cumhachtach tú, a Thiarna, agus do dhílseacht de gach leith díot.


Agus ag ceapadh teorann don fharraige, chun nach mbrisfeadh na huiscí a reacht, agus ag leagan síos dúshraith na cruinne.


Chuir tú smacht air, á thiomáint amach agus á dhíbirt; chuir sé an ruaig air lena anáil bhorb, mar bheadh an ghaoth anoir ann.


Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? - an Tiarna a labhraíonn - An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí