Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 32:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Agus ansin d'fhreagair Eilíhiú mac Bharacael agus dúirt: Táim ar bheagán blianta Agus sibhse in bhur seanóirí, Uime sin bhí eagla agus ceann faoi orm Mo smaointe a nochtadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus do fhreagair Elihú mhac Barrachel an Busíteach, agus a dubhairt, Atáimsi óg, agus sibhse ro shean; uime sin do bhí mé ro eaglach, agus níor léig a neagla dhamh mo bharamhuil dfoillsiughadh dhaóibh.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 32:6
14 Tagairtí Cros  

Leis an tseanaois a ghabhann an eagna Agus an chríonnacht le síneadh na mblianta.


Tá an ceann liath agus an críonna inár measc, Agus aos acu thar mar atá ag d'athair.


An tú céadghin an chine dhaonna? Nó ar saolaíodh thú roimh na sléibhte?


Ach tháinig racht feirge ar Eilíhiú mac Bharacael ó Bhúz, de chlann Rám. Bhí a racht dírithe ar Iób mar gur mheas seisean nárbh é Dia ach é féin a bhí sa cheart.


Ach nuair a chonaic Eilíhiú nár fágadh focal le freagairt i mbéal an triúir, tháinig rabharta feirge air.


Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt:


Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt:


Lean Eilíhiú air ag caint agus dúirt:


Éirigh i do sheasamh don cheann liath agus bíodh urraim agat don duine aosta, agus bíodh eagla do Dhé ort. Mise an Tiarna.


Íocaigí do chách a bhfuil dlite dó, mar sin: an cháin d'fhear na cánach agus an dleacht d'fhear na dleachta, urraim don té is díol urraime agus ómós don té is díol ómóis.


Ná tabhair casaoid do sheanduine ach déan tathant air mar a dhéanfá ar d'athair. Déan le fir óga mar a dhéanfá le do dheartháireacha.


Ar an gcuma chéanna abair leis na hógánaigh bheith stuama staidéartha


Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí