Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 32:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Ná bíodh sé de dhánaíocht ionaibh a rá go bhfuair sibh greim ar an eagna, Ná gurbh ó Dhia agus nach ó dhuine [bhur dteagasc].

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Deagla go naibeoradh sibh, Fuaramairne amach eagna, Día theilgios síos é, ní duine.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 32:13
23 Tagairtí Cros  

ní ghlacfaidh mé oiread agus snáithe ná iall bróige, ná ní thógfaidh mé aon phioc de do chuid; ní bheidh sé le rá agat: ‘Rinne mé fear saibhir d'Abrám.’


á rá: “Tarrnocht a tháinig mé as broinn mo mháthar, Agus tarrnocht a fhillfidh mé inti arís. An Tiarna a bhronn orm, agus an Tiarna a rug uaim. Moladh le hainm an Tiarna.”


Sibhse gan amhras lucht na tuisceana, Agus gheobhaidh an eagna bás libhse!


Bíodh trua agaibh dom, a chairde liom, bíodh trua agaibh dom, Óir threascair lámh Dé mé.


Bíodh a fhios agaibh gurb é Dia a chuir san éagóir mé, Agus a dhún a líon i mo thimpeall.


“Labhraíonn tú dála na mban baoth,” ar sé léi; “glacaimid an mhaith ó láimh Dé; nach nglacfaimid an t‑olc chomh maith?” San ainnise sin go léir níor pheacaigh Iób ó bhéal.


Go bhfása sceacha mar a mbíodh an chruithneacht, Agus fiailí nimhneacha mar a mbíodh an eorna. (Sin críoch ar bhriathra Iób.)


Bhí aird agam oraibh. Ach, féach, ní raibh aon duine le Iób a bhreagnú; Ní raibh aon duine in bhur measc lena ráitis a fhreagairt.


Nílimse chun feidhm a bhaint as a leithéid sin d'argóint; Beidh malairt cló ar mo fhreagrasa.


Scriosann anáil Dé iad, Agus milleann racht dá fhearg iad.


Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam, Agus mo spiorad ag diúl a nimhe. Tá uafáis Dé in eagar i m'aghaidh.


Is uime sin a d'fhoilsigh mé rudaí duit roimh ré; sula dtarlódh siad, d'fhógair mé duit iad, ionas nach mbeifeá á rá: “M'íol is é a rinne iad; mo dhealbh shnoite, mo dhealbh leáite a d'ordaigh!”


a cruthaíodh anois beag, nár chuala tú caint orthu go dtí seo, nach féidir leat á rá fúthu: “Ar ndóigh, bhí a fhios agam sin.”


Is mairg a bhfuil meas saoithe acu orthu féin, agus a cheapann go bhfuil siad thar a bheith glic!


Is mar seo a deir an Tiarna: “Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht, ná maíodh an fear cumasach as a chumas, ná an fear saibhir as a shaibhreas!


Is eagnaí thú ná Dainéil; níl aon rún ceilte ort.


“Sábhálfaidh an Tiarna bothanna Iúdá ar dtús i dtreo nach sáróidh glóir theaghlach Dháiví agus áitritheoirí Iarúsailéim glóir Iúdá.


D'fhreagair Íosa: “Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é á thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.”


Ná bíodh aon dul amú ar aon duine; aon duine agaibh a áiríonn é féin a bheith eagnaí de réir ghnás an tsaoil seo, bíodh sé ina amadán le go mbeadh sé eagnaí dáiríre.


Ansin dúirt an Tiarna le Gideón: “Tá an iomad slua farat le go dtabharfainn Midián faoina láimh, le heagla go maífeadh Iosrael astu féin i m'aghaidh, á rá: ‘Neart mo láimhe féin a d'fhuascail mé.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí