Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 24:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Tiomáineann siad asal an dílleachta chun siúil, Agus tógann siad damh na baintrí mar gheall.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Tiománuid rompa asal na ndilleachdadh, glacaid damh na baintreabhuigh mar gheall.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 24:3
9 Tagairtí Cros  

Is gearr go mbeidh an dílleachta á chur ar cranna agaibh, Agus bhur gcara á dhíol agaibh ina shladmhargadh.


óir sin a bhfuil aige d'éadach, sin é an brat a bhíonn faoina chorp aige, agus cad eile atá aige le codladh ann? Agus má ghlaonn sé orm, tabharfaidh mé cluas dó, mar is truachroíoch mé.


Ná tógadh aon duine muileann ná bró i ngeall mar b'ionann sin agus anam a thógáil i ngeall.


Má bheirtear ar dhuine ag fuadach duine dá bhráithre, de chlann Iosrael, cibé acu le daor a dhéanamh de nó lena dhíol, ní foláir an gadaí sin a chur chun báis. Díbir an t‑olc seo ó bhur measc.


Seo anseo mé! Tugaigí fianaise i m'aghaidh i láthair an Tiarna agus a ungthaigh! Ar bhain mé a dhamh d'aon duine? Ar bhain mé a asal d'aon duine? An ndearna mé calaois ar aon duine? An ndearna mé leatrom ar aon duine? Ar thóg mé breab riamh ó aon duine le mo shúile a dhalladh? [Má rinne mé] déanfaidh mé aisíoc libh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí