Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 22:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Níor thug tú deoch uisce don tuirseach, Agus dhiúltaigh tú arán don ocrach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Ní thug tú uisge re ól don duine churtha, agus do connuimh tú arán ó nocrach.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 22:7
13 Tagairtí Cros  

Ar dhiúltaigh mé don bhocht aon ní a bhí de dhíth air? Ar chuir mé gruaim ar shúile na baintrí?


Ar chaith mé mo chuid bia liom féin, Gan cuid a thabhairt don dílleachta?


Nár dhúirt lucht mo bhotha: “An bhfuil aon duine nach bhfuair a sháith dá fheoil?”


Dáileann sé a chuid go fial ar lucht an ghátair; maireann a fhéile go brách agus choíche. Tógfar a cheann, ardófar a chumhacht go glórmhar.


An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna, déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé.


má thugann tú do chuid aráin don ocrach agus a sháith don duine dearóil, éireoidh do sholas sa dorchadas agus beidh do ghruaim ina loinnir mheán lae.


do chuid aráin a roinnt le lucht ocrais, dídean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh, éadach a chur ar an té a fheiceann tú nocht agus gan faillí a dhéanamh i do dhualgas i leith do mhuintire.


nach n‑imríonn éagóir ar aon duine, nach n‑éilíonn geall, nach ngoideann; ach a thugann arán don ocrach agus éadaí don nocht,


Ní imríonn sé éagóir ar aon duine, ach tugann sé a gheall ar ais dá fhéichiúnaí; ní ghoideann sé, ach tugann arán don ocrach agus éadaí don nocht.


Óir bhí ocras orm agus níor thug sibh aon rud le hithe dom, bhí tart orm agus níor thug sibh aon rud le hól dom,


Ach “má bhíonn ocras ar do namhaid tabhairse rud le hithe dó, agus má bhíonn tart air tabhair dó rud le hól. Má dhéanann tú amhlaidh beidh tú ag carnadh aibhleoga tine ar a cheann”.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí