Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 14:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Ós rud é go bhfuil a laethanta ríofa, Agus líon a mhíonna ag brath ortsa, Agus a theorainn do-ghafa leagtha síos agat dó,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 O chítear gur cinneadh a láethe, atá uibhir a mhíos agadsa, dórduigh tú a thóronna nach bhféadann sé dul thársa;

Féach an chaibidil Cóip




Iób 14:5
24 Tagairtí Cros  

Tá anam gach dúile beo ina ghlaic, Agus anáil anama an chine dhaonna.


Fiú dá bhfaigheadh duine bás, agus aiséirí arís, D'fhanfainn ar aimsir mo laethanta go léir, Nó go ndéanfaí fóirithint orm.


Óir tá blianta mo shaoil arna n‑áireamh, Agus is gearr go ndéanfaidh mé imeacht gan teacht.


Óir cén mhairg dó a theach ina dhiaidh, Nuair atá líon a mhíonna thart?


Nach bhfuil tréimhse dianseirbhíse ag an duine ar talamh? Agus nach cosúil a laethanta le laethanta amhais?


Má fholaíonn tú d'aghaidh bíonn siad buartha, má bhaineann tú an anáil díobh éagann siad, agus casann siad ar an luaithreach as úire.


Chuir tú teorainn leo nár chead dóibh dul thairsti, sula bhfolaidís an talamh as úire.


Chonaic do shúile mo ghníomhartha; óir scríobhadh iad uile i do leabhar; agus cinneadh dom mo laethanta go léir, sular tháinig ceann amháin acu ann.


Ach is ort atá mo sheasamh, a Thiarna, deirim: “Is tú mo Dhia.”


Bhí mo chroí go te ionam istigh; las tine de bhladhm ar mo mhachnamh dom, agus leis sin labhair mo theanga.


tráth breithe, tráth báis, tráth curtha síl, tráth bainte fómhair,


Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t‑olc lucht a dhéanta.


Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d'anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’


Rinne sé, ó aon sinsear amháin, an cine daonna ar fad chun cónaí ar chlár an domhain, agus leag amach dóibh a dtréimhsí agus teorainneacha a gcuid fearann,


Caithfidh gach duine bás a fháil an t‑aon uair amháin ar fad agus ina dhiaidh sin tugtar breith air.


ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus ifrinn agam.


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bhFilideilfia: ‘Mar seo a deir an té is naofa, an té is fírinneach, an té ag a bhfuil eochair Dháiví, an té a osclaíonn agus nach ndúnann aon duine:


Dar an Tiarna beo,” arsa Dáiví, “déanfaidh an Tiarna féin an té sin a threascairt, cibé acu a thagann an bás air ar an bhfód, nó go dtéann sé amach chun catha agus bás a fháil ansin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí