Iób 14:12 - An Bíobla Naofa 198112 Go dté na spéartha ar ceal ní mhúsclóidh sé, Agus ní eireoidh sé as a chodladh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)12 Marsin luighios an duine síos, agus ní éirghionn, nó go rabhuid na neamha gan a bheith ann ní sa mhó, ní mhúisceoluid síad, agus ní dhúiseochar as a ccodladh íad. Féach an chaibidil |
nuair a bhíonn eagla ar dhuine roimh arda agus scanradh air siúl sa tsraid; nuair a bhíonn an crann almóinne faoi bhláth agus an dreoilín teaspaigh ag éirí malltriallach agus caor na cupraisce gan éifeacht; óir tá an duine ag triall ar an áitreabh síoraí agus siúlann na caointeoirí mórthimpeall na sráideanna;
Ardaígí bhur súile i dtreo na spéire agus breathnaígí ar an talamh síos. Scaipfidh na spéartha ar nós deataigh, imeoidh an talamh ina scifleoga mar a bheadh giobal éadaigh ann, gheobhaidh lucht a áitrithe bás ar nós na míoltóg. Ach mo shlánúsa, beidh sé buan, agus mo chumhacht chun cirt ní rachaidh i léig.