Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 8:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Óir ghabh siad suas chun na hAsaíre. Maireann an onagair ina haonar léi féin, ach siúd Eafráim agus í ag fostú leannán!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Oír do chúadar súas do Nassíria, assal fíadhta na áonar leis féin: dfostoigh Ephraim áosgrádh.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 8:9
13 Tagairtí Cros  

rinne Púl rí na hAsaíre ionradh ar an tír; thug Manachaem míle tallann airgid do Phúl d'fhonn go gcabhródh sé leis ag neartú lena ghreim ar an údarás ríoga.


Tá siad bailithe leo ag tarraingt ar an Éigipt, gan comhairle a iarraidh ó mo bhéal, ag lorg dídine faoi dhídean Fhorainn agus foscadh ar scáth na hÉigipte.


Fáistine dar teideal: Ainmhithe na Tíre Theas. Trí dhúiche an anró agus na hanbhuaine is fearann don leon baineann, do leon na búiríola, don nathair nimhe agus don dragan eiteogach, a saibhreas ar dhroim asal acu, a dtaiscí ar chruit chamall acu, agus iad á n‑iompar chuig pobal nach fearrde iad é.


déanann sí ar an bhfásach ag smúrthacht ar an ngaoth go macnasach. Cé a fhéadann í siúd a smachtú agus í ar dáir? Ní bheidh stró ar an té a bheidh á lorg. Gheofar í [ag cúpláil].


Tá Eafráim do mo thimpeallú le camastaíl, agus teaghlach Iosrael do mo sháinniú le cluanaireacht. (Ach gluaiseann Iúdá in éineacht le Dia fós agus fanann sí dílis don Té is Naofa.)


Bíonn Eafráim ag aoireacht na gaoithe, agus ag rith gan stad ar thóir an ghála anoir. Is ag dul i méad atá a chaimiléireacht agus a bhaois: déantar conradh leis an Asaír, agus beirtear cáin ola don Éigipt.


Níor aithin sí gur mise a thug di an t‑arbhar agus an t‑úrfhíon agus an ola nua, agus a bhronn uirthi an fhlúirse airgid agus óir, as a ndearna siad Bálaím.


Nuair a bhraith Eafráim a tinneas agus Iúdá a chneá, d'imigh Eafráim chun na hAsaíre agus chuir Iúdá fios ar an [Ardrí]; ach ní féidir leis-sean sibhse a leigheas ná bhur gcneá a chneasú.


Colm baoth gan chiall is ea Eafráim; bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt, agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí