Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 8:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Fiú dá scríobhfainn síos dó na mílte míle de m'aitheanta, mheasfaí mar rud iasachta iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Do scriobh misi chuige neithe móra mo dhlighe, acht do measadh mar ní coimhthigheach íad.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 8:12
14 Tagairtí Cros  

Ach bhíodar easumhal duit agus rinne siad ceannairc i d'aghaidh; Thug siad droim leis an dlí; Mharaigh siad d'fháithe a thugadh rabhadh dóibh, Le hiad a iompú ar ais ortsa, (Agus thug siad diamhaslaí móra).


Oscail mo shúile chun go bhfeicfidh mé iontais uile do dhlí.


Ó tharla gur fuath leat mo dhlí agus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra?


Nach bhfuil [deich gcaibidil fichead] de chomhairlí agus de ghaois scríofa agam duit,


Is pobal míréireach iad seo, is clann bhréagach, clann nach áil leo éisteacht le reacht an Tiarna.


Thug mé mo reachtanna dóibh agus thaispeáin mo dheasghnátha dóibh, deasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh.


Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú. Ó chaith tusa uait an t‑eolas, caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht; agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne, ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith.


Cad é an buntáiste atá ag an nGiúdach mar sin? Nó cad é an tairbhe dó an timpeallghearradh?


Más ea, is rud naofa é an dlí agus is rud naofa í an aithne, rud cóir maith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí