Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 3:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 “Imigh leat arís,” arsa an Tiarna liom, “tabhair grá do bhanadhaltrach a ghránn fear eile, faoi mar a thugann an Tiarna grá do chlann Iosrael, cé go n‑iompaíonn siad chun déithe eile agus go bhfuil dúil acu i gcístí rísíní.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Annsin a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Imthigh fós, gradhuigh bean (ghrádhach agá caruid, gidheadh atá na hadhaltrannuigh) do réir ghrádha an TIGHEARNA do chloinn Israel, noch fhéachus do dhéeibh oile, agus ghrádhuighios flagúin fhíona.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 3:1
34 Tagairtí Cros  

Ansin roinn sé ar an bpobal uile, ar shlua iomlán Iosrael, idir fhir agus mhná, cáca aráin an duine agus sciar dátaí agus císte rísíní. D'imigh an pobal go léir ansin, gach duine chun a thí féin.


Ach bhí an Tiarna cneasta leo agus ghlac trua dóibh, agus d'iompaigh chucu de bharr an chonartha a rinne sé le hAbrahám, le hÍosác, agus le Iacób, agus níorbh áil leis iad a scrios, ná níor dhíbir sé as a láthair iad (fós).


Ansin roinn sé ar na hIosraelaigh go léir, idir fhir agus mhná, builín aráin an duine, píosa feola, glac dátaí, agus císte rísíní.


Ach, le barr grá, níor chuir tú deireadh leo, Níor thréig tú ar fad iad, Mar is Dia lách cineálta thú.


Mar shúile na ndaor ag faire ar lámha a dtiarna; mar shúile an chailín aimsire ag faire ar lámha a máistreása,


D'éiríodar go moch arna mhárach dá bhrí sin agus d'ofráladar íobairtí loiscthe agus thugadar leo íobairtí síochána; ansin shuigh an pobal uile chun bia agus dí, agus d'éiríodar chun scléipe.


Neartaigí le cácaí rísín mé; Cuirigí brí ionam le húlla, Mar tá galar an ghrá orm.


Iompaigí chugamsa agus tá sibh slánaithe, a chríocha na talún uile, óir is mise Dia, agus níl m'athrach ann!


Ach fearacht bean a imíonn go fealltach óna leannán d'fheall teach Iosrael ormsa - is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”


An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin? An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh, nach bhfuil uair dá mbagraím air nach ag cuimhneamh air a bhím, nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon, go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh? Is é an Tiarna a labhraíonn.


Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim! Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael! Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort, agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím! Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh, mar gur ghabh trua duit mé.


nó mura ndéanfaidh, bainfidh mé a cuid éadaigh go léir di agus fágfaidh mé í mar a bhí sí an lá a rugadh í, agus déanfaidh mé fásach di, agus beidh sí ina talamh tirim, agus maróidh mé í le tart.


chun a saol uile a chaitheamh le drúis. Is é an t‑úrfhíon a bheireann an chiall ó mo phobal.


Ar bhreithlá ár rí buaileann breoiteacht na flatha le boirbe an fhíona agus craitheann seisean lámh le scigirí.


de bhrí go luíonn siad síos ar thaobh gach altóra ar éide a cuireadh i ngeall, agus go n‑ólann siad i dteach a ndé fíon na ndaoine a fíneáladh.


a ólann fíon i gcoirn agus a ungann iad féin leis na holaí is tofa; ach gur cuma leo faoi thurnamh Iósaef.


Ach i dtaca liom féin de is ar an Tiarna a bhím ag brath; cuirim mo dhóchas i nDia mo Shlánaitheoir agus éistfidh mo Dhia liom.


Ar an ábhar sin labhraíonn an Tiarna mar seo: Tá mé tar éis filleadh ar Iarúsailéim le barr trua di. Atógfar mo Theampall inti, a deir Tiarna na Slua, agus sínfear an dorú tomhais thar Iarúsailéim.


Dúirt Íosa leis: “A chara, déan an beart a thug anseo thú. Tháinig siad ar aghaidh ansin, leag siad a lámha ar Íosa agus ghabh siad é.


Ní féidir daoibh cupa an Tiarna a ól agus cupa na ndeamhan a ól chomh maith. Ní féidir daoibh suí chun bord an Tiarna agus suí chun bord na ndeamhan chomh maith.


Ná bígí ag adhradh déithe bréige, más ea, faoi mar a bhí cuid acu siúd de réir mar atá scríofa: “Shuigh an pobal seo fúthu ag ithe agus ag ól agus d'éirigh siad suas chun spóirt.”


Is leor an t‑am atá thart le déanamh mar is áil leis na gintlithe, ag caitheamh a saoil le ragairne, le hainmhianta, le meisce, le carús, le hól agus le híoladhradh mídhleathach.


Chaitheadar uathu na déithe deoranta a bhí acu agus rinneadar fónamh don Tiarna, agus níorbh fhéidir dósan cur suas leis an ngéarleanúint ar Iosrael a thuilleadh.


Ghabhadar amach faoin tuath chun a bhfiniúna a chnuasach sna fíonghoirt; bhrúdar iad; rinneadar ceiliúradh agus chuadar isteach i dteach a ndé; d'itheadar, d'óladar agus chaitheadar mallacht le hAibímeilic.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí