Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 2:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Ar an ábhar sin déanfaidh mé féin í a mhealladh, agus a threorú isteach san fhásach, chun labhairt léi go muirneach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus is amhluidh bhías annsa ló sin, a deir an TIGHEARNA, go ngoirfidh tú Mfear dhíomsa; agus nach ngoirfidh tú Bahali ní is mo dhíom.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 2:16
12 Tagairtí Cros  

Ach líon a anam de shearcghrá do Dhíneá, iníon Iacóib, thit sé i ngrá leis an ógbhean agus labhair léi go cineálta.


“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh, go bhfuil a peaca maite, go bhfuair sí ó láimh an Tiarna pionós faoi dhó ina cionta go léir.”


Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.


“Filligí a chlann mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn - óir is mise amháin bhur máistir. Glacfaidh mé duine as cathair, beirt as clann agus tabharfaidh mé sibh go Síón.


agus tabharfaidh mé sibh go Fásach na Náisiún, áit a ndaorfaidh mé sibh agus sinn i láthair a chéile.


Óir rinne a máthair striapachas; an bhean a ghabh iad, náirigh sí í féin. “Rachaidh mé ar thóir mo leannán,” ar sise, “a thugann dom m'arán agus m'uisce, m'olann agus mo líon, m'ola agus mo chuid dí.”


An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr guth an chéile. An t‑áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.


Táim ag éad libh mar a bheadh Dia féin, mar tá sibh luaite agam le Críost mar a bheadh maighdean gheanmnaí á tabhairt dá haon fhear céile.


Déanaimis gairdeas agus lúcháir agus tugaimis glóir dó. Óir tá bainis an Uain tagtha, agus tá a nuachair arna hullmhú féin.


Ansin chuir a fear chun bóthair chun dul ar a tuairisc, labhairt go cneasta léi agus í a thabhairt ar ais; thug sé leis a ghiolla agus dhá asal. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar do theach athair a chéile, chonaic athair na hógmhná é, tháinig sé ina choinne le háthas.


Ansin dúirt sí: “Nach lách atá tú liom, a mháistir, mar thug tú sólás dom agus labhair tú go séimh liomsa, do bhanseirbhíseach, dá shuaraí mé, agus gan mé ar chomhchéim le duine de do bhanseirbhísigh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí