Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 1:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Briathar an Tiarna a labhraíodh le Hóisé, mac Bhéirí, in aimsir Uizíá agus Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus in aimsir Iarobám, mac Ióáis, rí Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Briathar an TIGHEARNA, noch tháinic go Hosea, mhac Beeri, a láethibh Ussiah, Iotam, Ahas, Heseciah, ríghthe Iúdah, agus a láethibh Ieroboam mhic Ioas rígh Israel.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 1:1
26 Tagairtí Cros  

Ansin chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus shuigh Iarobám ina ríchathaoir. Adhlacadh Ióáis sa tSamáir le ríthe Iosrael.


Agus chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é sa tSamáir le ríthe Iosrael. Tháinig a mhac Iarobám i gcomharbacht air.


Sa chúigiú bliain déag de réimeas Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá rinneadh rí ar Iosrael sa tSamáir de Iarobám mac Ióáis. Bhí sé bliain agus daichead ina rí.


Sa dara bliain de réimeas Pheacach mac Ramailiá rí Iosrael tháinig Iótám mac Uizíá i gcoróin ar Iúdá.


Ach leag an Tiarna a lámh ar an rí agus rinneadh lobhar de go lá a bháis, agus mhair sé i dteach leis féin. Bhí Iótám, mac an rí, i bhfeighil an rítheaghlaigh agus i gceannas ar an tír.


Ansin chuaigh Azairiá chun suain lena shinsir agus chuireadar é i nDúnfort Dháiví, agus tháinig a mhac Iótám i gcomharbacht air.


Bhí Iótám cúig bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Iarúisiá iníon Zádóc ab ainm dá mháthair.


Bhí Áchaz fiche bliain d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Ní dhearna sé an ceart i bhfianaise an Tiarna a Dhia, dála Dháiví a athair,


Rinneadh sé chéad tarbh agus trí mhíle caora a choisreacan.


Fís Íseáia mhic Ámóz a chonaic sé i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim in aimsir Uiziá, Iótám, Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá.


Agus tharla in aimsir Áchaz, mac Iótám, mac Uiziá, rí Iúdá, go ndeachaigh Reizín, rí Arám, mar aon le Peacach, mac Ramailiá rí Iosrael, suas go Iarúsailéim lena hionsaí, ach níor éirigh leis a gabháil.


Tháinig briathar an Tiarna chuige i laethanta Ióisíá mac Amón, rí Iúdá, sa tríú bliain déag dá réim.


Tháinig briathar an Tiarna chugam, á rá:


tháinig briathar an Tiarna chuig Eizicéil sagart, mac Bhúizí, i dtír na gCaildéach ar bhruach na habhann Ceabár. Ba ansin a tháinig lámh an Tiarna orm.


Briathar an Tiarna a labhraíodh le Ióéil, mac Phatuéil.


Briathra Amós, aoire de chuid Theacóá. Fís a bhí aige faoi Iosrael i laethanta Uiziá, rí Iúdá, agus i laethanta Iarobám mac Ióáis, rí Iosrael, dhá bhliain roimh an gcrith talún.


Labhraíodh briathar an Tiarna le Ióna, mac Aimití:


Briathar an Tiarna a labhraíodh le Míocá, an Móraisteach, in aimsir Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus na físeanna a chonaic sé faoin tSamáir agus faoi Iarúsailéim.


San ochtú mí den dara bliain de réimeas Dháire labhraíodh briathar an Tiarna leis an bhfáidh Zacairia, mac Bharaicia, mhic Ideo, mar a leanas:


Má thug sé déithe orthu siúd ar labhraíodh briathar Dé leo, agus nach féidir an scrioptúr a chur ar neamhní,


Mar a deir sé i Leabhar Hóisé: “Glaofaidh mé ‘mo phobal féin’ ar phobal nach liom, Agus ‘mo mhuirnín’ uirthi siúd nach muirneach liom,


Óir ní ó ghníomh tola daonna a tugadh aon fháistine riamh, ach gur labhair daoine ó Dhia agus iad faoi luí an Spioraid Naoimh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí