Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hag 2:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Óir is mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘I gceann tamaillín bainfidh mé croitheadh aon uair amháin eile as na spéartha agus as an domhan, as an bhfarraige agus as an talamh tirim.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Oir is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Tamall bheag, amhain fós, agus croithfidh mé na neamha, agus an talamh, agus a nfairge, agus an talamh tirim;

Féach an chaibidil Cóip




Hag 2:6
25 Tagairtí Cros  

Eisean a chroitheann an chruinne as a hionad, Ionas go gcritheann a colúin go léir.


Scairt mé ar an Tiarna i mo ghátar, agus d'iarr mé cúnamh ar mo Dhia Chuala sé mo ghlór ina theampall, agus ráinig mo ghlao a chluasa.


Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuine Féach a ionad! ní ann dó feasta.


Óir tamaillín beag fós agus beidh deireadh leis an bhfíoch, scriosfaidh m'fheargsa iad.


Is é sin an fáth a dtiocfaidh ballchrith ar na spéartha, go mbogfaidh an talamh as a áit, le barr buile Thiarna na Slua, sa lá a spréachfaidh a fhearg.


Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig, isteach i bpluaiseanna an talaimh, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.


Achar gairid fós, agus is gairid é, go mbeidh an Liobáin ag tiontú ar ais ina ghairdín, agus gairdín a áireofar ina choill ar a bhoirbe fáis.


tá slua na spéartha ar fad ag titim as a chéile. Tá na spéartha á gcornadh suas mar bheadh scrolla ann agus slua na reann ag feo, mar a bheadh craobhacha fíniúna ag feo, mar dhuilliúr feoite an chrann figí.


Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus comhlíonfaidh mé an gheallúint a rinne mé do theach Iosrael agus do theach Iúdá:


Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cosúil iníon na Bablóine le hurlár buailte nuair a bhítear ag pasáil air; tamall beag, agus [luífidh an gráinne] a baineadh ansin.”


Dearbhaím agus cuthach éada orm: ‘Go deimhin beidh crith as cuimse i dtír Iosrael an lá sin.’


Éisc na farraige, éanlaith an aeir, ainmhithe an mhachaire, péisteanna na talún agus daoine uile an domhain, crithfidh siad i mo láthair. Leagfar na sléibhte, réabfar na hailteanna, titfidh gach balla go talamh.


Déanfaidh mé éachtaí sa spéir in airde agus iontais ar an talamh thíos. Beidh fuil ann agus tine agus gal deataigh.


“I gceann tamaillín bhig eile tiocfaidh an Té atá le teacht agus ní dhéanfaidh sé moill.


agus daoine ó gach pobal agus treibh agus teanga agus cine ag stánadh ar a gcorpáin ar feadh trí lá go leith, gan cead a thabhairt iad a adhlacadh;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí