Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Geineasas 26:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Thaispeáin an Tiarna é féin dó agus dúirt: “Ná téigh síos go dtí an Éigipt ach fan sa tír a inseoidh mé duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do thaisbein an TIGHEARNA é féin dó, agus a dubhairt, Ná héirigh síos don Egipt; áitigh san duthaigh mhúinfeas misí dhuit:

Féach an chaibidil Cóip




Geineasas 26:2
11 Tagairtí Cros  

Dúirt an Tiarna le hAbrám: “Imigh ó do thír féin, agus ó do mhuintir féin agus ó theach d'athar chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit.


Thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt: “Is do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo.” Ansin rinne sé altóir don Tiarna a thaispeáin é féin dó.


Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,


“Ní hé sin é,” arsa Dia, “ach béarfaidh do bhean Sárá mac agus tabharfaidh tú Íosác mar ainm air. Daingneoidh mé mo Chonradh leis ina Chonradh síoraí .i. mé a bheith i mo Dhia aige féin agus ag a shliocht ina dhiaidh.


Thaispeáin an Tiarna é féin dó ag Dair Mhamrae agus é ina shuí i mbéal a bhotha i mbrothall an lae.


Thaispeáin an Tiarna é féin dó an oíche sin agus dúirt: “Mise Dia d'athar Abrahám. Ná bíodh eagla ort, óir táimse farat. Beannóidh mé thú agus cuirfidh mé an rath go líonmhar ar do shíol, Ar son mo shearbhónta Abrahám.”


Cé hé an fear lenarb eagal an Tiarna? Déanfaidh sé eolas na slí is tofa dó.


Cuir do dhóchas sa Tiarna agus déan an mhaith, agus mairfidh tú sa tír go sábháilte.


D'éist Dia lena gcnead agus chuimhnigh Dia ar a chonradh le hAbrahám, le hÍosác agus le Iacób.


ansin cuimhneoidh mé ar mo chonradh le Iacób, agus ar mo chonradh le hÍosác, agus ar mo chonradh le hAbrahám; agus cuimhneoidh mé ar an tír.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí