Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Geineasas 1:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Chonaic Dia gur mhaith é an solas, agus scar Dia an solas ón dorchadas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus do chonnairc Día an solus: gur mhaith é, agus do roinn Día idir an solus agus an dorchadus.

Féach an chaibidil Cóip




Geineasas 1:4
10 Tagairtí Cros  

Agus thug Dia “tír” ar an talamh tirim, agus “farraigí” ar na huiscí le chéile. Chonaic Dia gur mhaith sin.


Thug an talamh an fásra uaidh: lusraí lena síol de réir a gcineáil, crainn toraidh lena síol ina dtoradh, de réir a gcineáil. Chonaic Dia gur mhaith sin.


chun an lá agus an oíche a rialú agus an solas a scaradh ón dorchadas. Chonaic Dia gur mhaith sin.


Rinne Dia an uile chineál ainmhí allta, an uile chineál eallaigh, an uile chineál péiste. Chonaic Dia gur mhaith sin.


Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith. Ba shin an séú lá, an nóin agus an mhaidin.


Ceiliúrfaidh d'oibreacha uile thú, a Thiarna; agus beannóidh do dhaoine dílse thú.


Is grámhar an Tiarna le gach aon neach; tá trua aige do gach dúil dá ndearna sé.


Nach breá an ní é an solas! Nach aoibhinn do na súile an ghrian a fheiceáil!


Agus thug mé faoi staidéar a dhéanamh ar an eagna agus ar an díth céille agus ar an amaidí.


cumaim an solas agus cruthaím an dorchadas. Tugaim an sonas ann agus spreagaim an donas, is mise an Tiarna a dhéanann é ar fad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí