Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 21:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Dúirt Íosa leo: “Tagaigí agus ithigí.” Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de: “Cé hé thú féin?” mar go raibh fhios acu gurbh é an Tiarna é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Arsa Íosa leo, “Tagaigí go raibh bhur mbricfeasta agaibh.” Anois ní raibh sé de dhánacht ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de, “Cé tú féin?” Bhí a fhios acu gurbh é an Tiarna é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Deir Íosa leo: Taraigidh, agus ithigidh. Agus ní raibh sé de chroidhe i n-aoinneach dá raibh ag caitheamh bídh a fhiafruighe de: Cé thú féin? óir bhí a fhios acu gurbh é an Tighearna é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Adubhairt Íosa leo, Tagaidh i leith agus ithidh bhúr gcéad‐lón. Agus níor lámh aoinneach de na deisceablaibh a fhiafruighe dhe, Cia thú? agus a fhios aca gurbh é an Tighearna é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 A dubhairt Iósa ríu, Taguidh ithidh bhur ndínéur. Agus níor lamh áon do na deisciobluibh a fhíafruighe dhe, Cía thusa? do bhrígh gur aithnigheadar gurab é an Tighearna é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Dubhairt Íosa leó: Tagaidh agus ithidh rud. Agus níor leómhaigh aoinne d’á raibh ag caitheamh an bhídh a fhiafraighe dhe: Cé h-é thusa? Mar bhí fhios acu gur bh’é an Tighearna é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Dúirt Íosa leo: “Tagaigí agus ithigí.” Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de: “Cé hé thú féin?” mar go raibh a fhios acu gurbh é an Tiarna é.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 21:12
9 Tagairtí Cros  

Ach ní fhéadfadh aon duine focal a rá á fhreagairt, ná ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air ón lá sin amach.


Ach níor thuig siad an focal, agus bhí eagla orthu ceist a chur air.


Ach níor thuig siad an focal sin; bhí a bhrí ceilte orthu ionas nach bhfeicfidís é, agus bhí eagla orthu ceist a chur air mar gheall ar an bhfocal sin.


Bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo é a cheistiú agus dúirt sé leo: “Tá sibh ag fiafraí dá chéile cad is ciall leis an rud a dúirt mé: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm.’


Ansin chuaigh Peadar ar bord agus tharraing sé an eangach i dtír, agus í lán d'éisc mhóra, céad agus caoga a trí díobh; agus bíodh go raibh siad chomh mór sin níor bhris an eangach.


Nuair a bhí bia caite acu dúirt Íosa le Síomón Peadar: “A Shíomóin mhic Eoin, an mó do chion-sa orm ná a gcion seo?” “Sea, a Thiarna,” ar seisean leis, “is eol duit go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan m'uain a chothú.”


Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?”


ní don phobal ar fad é, ach do na finnéithe a bhí réamhcheaptha ag Dia, is é sin le rá, dúinne. Chaitheamar bia agus deoch ina theannta tar éis a aiséirithe ó mhairbh


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí