Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 10:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Ansin dúirt Íosa leo arís: “Amen, Amen, a deirim libh, Mise doras na gcaorach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Dúirt Íosa leo arís mar sin, “Is fíor atá, is fíor mo rá, is mise doras na gcaorach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Ar an adhbhar sin, dubhairt Íosa leo arís: Amén, amén, adeirim libh, gur mise doras na gcaorach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Annsin adubhairt Íosa leo arís, Go fírinneach adeirim libh, Is mise doras na gcaorach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 A dubhairt Iósa riú arís, Go deimhín, deimhin, a deirim ribh, Gur misi dorus na gcáorach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Ansan dubhairt Íosa leó airís: Go deimhin deimhin adeirim libh gur mise dorus na gcaorach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Ansin dúirt Íosa leo arís: “Áiméan, Áiméan, deirim libh, Mise doras na gcaorach.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 10:7
12 Tagairtí Cros  

Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann. Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn. Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.


Ach sinne, do phobal agus caoirigh do pháirce, tabharfaimid buíochas duit go brách na breithe; agus foilseoímid do mholadh ó ghlúin go chéile.


Óir is é ár nDia é, agus is sinne pobal a pháirce agus caoirigh a láimhe.


Sinn uile, amhail caoirigh, bhíomar ar seachrán, gach aon ag dul a bhealach féin. Agus d'aifir an Tiarna airsean ár gcionta go léir.


Is sibhse mo chaoirigh, an tréad atá ar féarach agam, agus is mise bhur nDia - an Tiarna Dia a labhraíonn.


amhail tréad naofa, amhail tréad in Iarúsailéim ar na féilte sollúnta. Mar sin a líonfar na cathracha bánaithe le tréad daoine. Tuigfear ansin gur mise an Tiarna.”


“Amen, Amen, a deirim libh, an té nach dtéann an doras isteach i gcró na gcaorach, ach a théann a mhalairt de bhealach isteach, is bithiúnach é sin agus robálaí.


Mise an doras. Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é. Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amach agus gheobhaidh sé féarach.


Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.


mar is tríd atá teacht againn araon ar an Athair faoi luí an aon Spioraid.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí