Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 7:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire ach tú a chúiteamh mar atá tuillte agat fad agus tá d'imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus ní choigeola mo shúil thú, ní mó bhías truáighe agum: acht cúiteocha mé do shlighthe riot, agus béid do ghraineamhlachda ann do lár: agus biáidh a fhios aguibh gur misi an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 7:4
24 Tagairtí Cros  

Déanfaidh mé iad a ghreadadh in aghaidh a chéile, athair agus mac in éineacht - an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh trua agam, ní choigleoidh mé, ní dhéanfaidh mé trócaire, ach scriosfaidh mé iad.’ ”


Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m'oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”


An rud a thairngir Irimia in aghaidh na gciníocha uile. (“Óir cuirfear iad seo i ndaoirse; mar an gcéanna do chiníocha cumhachtacha agus do ríthe móra, agus cúiteoidh mise leo de réir a ngníomhartha agus de réir oibreacha a lámh féin.”)


Ach i dtaobh an dreama a dtéann a gcroí sa tóir ar uafáis agus ar imeachtaí gránna, cúiteoidh mé a ngníomhartha leo féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


Bánófar na cathracha cónaithe agus scriosfar an tír; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.’ ”


De bhrí nár chuimhin leat laethanta d'óige agus gur spreag tú fearg ionam leis na nithe seo uile; dá bhrí sin, cúiteoidh mé do ghníomhartha ar do cheann féin - an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach raibh tú graosta sa bhreis ar d'imeachtaí gránna eile?


Dá bhrí sin, dhoirt mé mo fhearg amach orthu; dhóigh mé iad le tine mo chuthaigh. Chúitigh mé a n‑iompar ar a gcinn féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


Lean tú sampla do dheirféar; dá bharr sin tabharfaidh sé a corn i do láimh.


Cúiteofar bhur ngraostacht libh agus luífidh oraibh ualach na bpeacaí a rinne sibh leis na híola. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna Dia.”


Mise, an Tiarna, a labhair; fíorófar m'fhocal. Gníomhóidh mé agus ní rachaidh mé siar air; ní dhéanfaidh mé trua ná aithreachas; tabharfaidh mé breithiúnas ort de réir d'imeachtaí agus do ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


Ansin tuigfidh siad gur mise an Tiarna, nuair a bhánóidh agus léirscriosfaidh mé an tír mar gheall ar na cionta gránna go léir a rinne siad.”


Uime sin, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - chomh cinnte agus a thruailligh sibh mo shanctóir le bhur n‑uile uafás agus bhur n‑imeachtaí gránna uile, gearrfaidh mé anuas sibh gan anacal gan trócaire.


Sínfidh mé mo lámh amach ina gcoinne, creachfaidh mé agus bánóidh mé an tír uile, aon áit a bhfuil cónaí orthu, ón bhfásach go Ribleá. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”


Titfidh daoine marbh in bhur láthair agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.


Tá an rí ag gol, tá an prionsa in anacair chroí, tá lámha mhuintir na tíre ar crith le huafás. Roinnfidh mé leo mar atá tuillte acu agus gearrfaidh mé pionós orthu de réir a mbreithiúnais féin; agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.”


Anois tá deireadh leat! Scaoilfidh mé le mo fhearg ort agus gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat agus daorfaidh mé thú as d'imeachtaí gránna uile.


Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire; gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat fad agus tá d'imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh tú ansin gur mise, an Tiarna, a bhuaileann.


Dá bhrí sin, smachtóidh mé iad le teann feirge, gan anacal gan trócaire. Glaoidís orm in ard a gcinn; ach ní thabharfaidh mé aon aird orthu.”


Maidir liom féin, tabharfaidh mé chun cúitimh iad, gan anacal gan trócaire.”


Bíonn Eafráim ag aoireacht na gaoithe, agus ag rith gan stad ar thóir an ghála anoir. Is ag dul i méad atá a chaimiléireacht agus a bhaois: déantar conradh leis an Asaír, agus beirtear cáin ola don Éigipt.


Tá laethanta an smachtaithe ag teacht, seo chugainn laethanta an chúitimh. Go raibh a fhios sin ag Iosrael! “Amadán is ea an fáidh”, a deir siad, “is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.” Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide, agus bhur bhfuatha dom é.


Dúirt an Tiarna liom: “A Amós, cad é a fheiceann tú?” “Dorú pluma,” arsa mise. Ansin dúirt an Tiarna liom: “Féach, tá mé chun mo phobal Iosrael a thomhas le dorú pluma; ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.


Óir, ní bheidh trua agam d'áitritheoirí na tíre níos mó, a deir an Tiarna. Cuirfidh mé gach uile dhuine acu faoi smacht a aoire, faoi smacht a rí; creachfaidh siad an tír agus ní fhuasclóidh mé óna smacht iad.


Tá a fhios againn cé hé a dúirt: “Mise a imreoidh díoltas; mise a chúiteoidh,” agus fós: “Tabharfaidh an Tiarna breithiúnas ar a phobal.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí