Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 47:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Chuaigh an fear soir agus a shlat tomhais ina láimh agus thomhais sé míle banlámh. Thug sé orm ansin siúl tríd an uisce; chuaigh an t‑uisce go murnán orm.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus an tan do chuáidh an té agá raibh an dorubha iona láimh amach leath soir, do thomhais sé míle cubhad, agus thug sé misi thríd na huisgeadhuibh; da bhádar na huisgeadha go nuige na mugharláin damh.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 47:3
12 Tagairtí Cros  

Thug sé ansin mé agus, féach, bhí fear ann a raibh cuma práis air. Bhí corda lín agus slat tomhais ina láimh aige agus é ina sheasamh sa gheata.


Rug sé ansin mé amach an geata thuaidh agus thug orm dul timpeall amuigh fad leis an ngeata seachtrach thoir, áit a raibh an t‑uisce ag sceitheadh soir.


Thomhais sé míle eile agus thug orm siúl tríd an uisce athuair; chuaigh an t‑uisce go glúine orm. Thomhais sé míle eile agus thug orm siúl tríd an uisce arís; chuaigh an t‑uisce go leasrach orm.


D'ardaigh mé mo shúile agus cad a chonaic mé ach ceithre adharc.


D'ardaigh mé mo shúile agus chonaic mé fís eile. Is amhlaidh a bhí fear a raibh dorú tomhais ina láimh aige le feiceáil agam.


Agus táim féin, féach, chun a chur uaim anuas oraibh an ní a gealladh ag m'Athair. Ach fanaigí sibhse sa chathair nó go ngléasfar sibh i gcumhacht ó uachtar neimhe.”


Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá á fheiceáil agus á chloisteáil agaibhse.


agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.


Ansin tugadh bata dom mar shlat tomhais agus é á rá liom: Éirigh agus tomhais teampall Dé, agus an altóir agus an lucht adhartha ansiúd;


Agus bhí slat tomhais óir ag an té a bhí ag caint liom, chun an chathair agus a geataí agus a múr a thomhas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí