Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 4:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Glac chugat oigheann iarainn agus suigh é mar bhalla iarainn idir tú féin agus an chathair; agus iompaigh ina treo agus bíodh sí faoi léigear agus tusa ag brú an léigir. Is comhartha é seo do mhuintir Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Tuilleamh oile gabh chugad oigheann íaruinn, agus suighidh é mar bhalla íaruinn eadrad agus an chathair: agus cuir haghaidh leath ris, agus ionnsuigheochthar é, agus cuirfidh tú armáil na haghaidh. Biáidh so mar chomhartha do thigh Israel.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 4:3
13 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt an Tiarna: “Díreach mar bhí mo sheirbhíseach Íseáia ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht ar feadh trí bhliain, ina chomhartha agus ina mhana don Éigipt agus do Chúis,


An chuid is áille de do ghleannta, tá siad breac le carbaid; tá an marcshlua in ionad os coinne na ngeataí.


Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom, is tuar agus mana sinn in Iosrael ó Thiarna na Slua, a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón.


Sa naoú bliain de réimeas Zidicíá rí Iúdá, sa deichiú mí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine agus a shlua uile in aghaidh Iarúsailéim agus chuir í faoi léigear.


San aonú bliain déag de réimeas Zidicíá, sa cheathrú mí, rinneadh bearna i múr na cathrach.


Abair: ‘Is comhartha mise daoibh: mar a rinne mise déanfar amhlaidh leosan; rachaidh siad ar deoraíocht, i mbraighdeanas.’


Tógfaidh tú an mála taistil ar do ghualainn os a gcomhair agus tabharfaidh tú amach é sa dorchadas. Clúdóidh tú d'aghaidh ionas nach bhfeicfidh tú an talamh; óir rinne mé comhartha díot do mhuintir Iosrael.’ ”


Dófaidh tú trian di le tine i lár na cathrach nuair a bheidh tréimhse an léigir istigh; glacfaidh tú trian agus buailfidh leis an gclaíomh é timpeall na cathrach; scaipfidh tú trian leis an ngaoith agus tarraingeoidh mise an claíomh amach ina ndiaidhsean.


Más abhlann bruite ar an ngrideall a ofrálann tú, bíodh sí de phlúr mín gan ghabháile, fuinte le hola.


Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar -


Thug Dia féin dearbhú air le comharthaí agus le héachtaí agus nuair a dáileadh tíolacthaí an Spioraid Naoimh de réir a thola.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí