Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 39:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Iompóidh mé thart thú, brúfaidh mé ar aghaidh thú, agus tabharfaidh thú ó na hairde is faide ó thuaidh ag ionsaí sléibhte Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus fillfidh mé ar hais thú, agus ní fhúigfidh mé acht an seiseadh cuid díot, agus do bhéara mé ort teacht a níos ó na hairdibh budh thuáigh, agus do bhéarad ar shléibhtibh Israel thú:

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 39:2
8 Tagairtí Cros  

Go mba toil leat, a Thiarna, mé a fhuascailt; brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.


Éireoidh Dia agus scaipfear a naimhde agus teithfidh as a láthair an dream a thugann fuath dó.


Ó tharla gur thug tú aghaidh do chraois orm agus gur tháinig do shotal fad le mo chluasa, cuirfidh mé fáinne i do shrón agus mo bhéalbhach le do bheola, agus déanfaidh mé thú a chinnireacht ar ais, siar an bealach a tháinig tú!


“Tá prionsaí uile an tuaiscirt agus muintir na Síodóine uile ansin, imithe síos faoi náire leis na mairbh, cé gur spreag siad uafás lena gcumhacht. Luíonn siad ansin gan timpeallghearradh leosan a thit leis an gclaíomh. Iompraíonn siad a náire siúd a théann síos go Seól.


Fágfaidh tú do bhaile sna haird is faide ó thuaidh, thú féin agus a lán ciníocha leat, tóstal an-mhór, slua airm cumasach iad uile ar muin each.


“A mhic an duine, tairngir in éadan Ghóg. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé i do choinne, a Ghóg, a ardphrionsa Mheisic agus Thúbál.


Buailfidh mé an bogha as do láimh chlé agus tabharfaidh mé ar na saigheada titim ó do láimh dheis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí