Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 3:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Déanfaidh mé do sheasmhacht amhail diamaint atá níos crua ná breochloch féin. Ná bíodh eagla ort rompu ná imní ort roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Amhuil adamant is cruáidhe ná cloch thineadh do rinne mé héadan: ná himeagluidh íad, agus ná hanbhfainnigh le na bhféuchanaibh, mátá go bhfuilid na ttigh easumhal.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 3:9
15 Tagairtí Cros  

Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.


Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín, a fhrídín, a Iosrael. Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna - is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.


Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm, is é sin an fáth nach mothaím an masla. Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas, bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.


Tusa, crioslaigh thú féin mar sin chun comhraic. Éirigh agus abair leo gach a n‑ordaímse duit. Ná bíodh eagla ort ina bhfianaise, ar fhaitíos go gcuirfinnse eagla ort ina bhfianaise.


Ná bíodh faitíos ort rompu, óir tá mise leat agus tusa faoi mo choimirce, is é an Tiarna a labhraíonn.”


Déanfaidh mise díotsa balla cumhdaigh práis in aghaidh an phobail seo. Troidfidh siad leat, ach ní bhéarfaidh siad bua ort, óir tá mise leat chun cuidiú leat agus chun thú a shaoradh - an Tiarna a labhraíonn.


Cloítear lucht mo ghéarleanúna, ach ná cloítear mise; cuirtear scéin orthusan, ach ní ormsa. Tabhair lá an oilc orthusan, scrios iad le scrios faoi dhó!


Ná bíodh eagla ortsa rompu, a mhic an duine; ná bíodh eagla ort nuair a deir siad: ‘Tá dealga thart ort agus scairpeanna fút.’ Ná bíodh eagla ort roimh a mbriathra ná eagla roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad.


Dúirt sé liom fosta: “A mhic an duine, gach focal a deirim leat glac chugat féin é agus éist leis go cúramach.


Ach anois, beidh tusa chomh sotalach ceanndána leo féin.


Abair le ceannaircigh mhuintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: A mhuintir Iosrael, bíodh deireadh le bhur n‑imeachtaí gránna uile,


Ach i dtaca liomsa de táimse lán de chumhacht (agus de spiorad an Tiarna) agus de cheart agus de mhisneach chun a choir a thaispeáint do Iacób agus a pheaca a léiriú do Iosrael.


Rinne siad a gcroíthe chomh dáigh le diamant ar eagla go gcloisfidís an teagasc, agus an teachtaireacht a chuir Tiarna na Slua chucu lena spiorad trí bhéal na bhfáithe a bhí ann fadó. Dá dheasca sin chuir Tiarna na Slua smachtú dian orthu le neart feirge.


Is maith agus is taitneamhach sin le Dia ár slánaitheoir.


An feirmeoir a dhéanann an saothrú, is dósan atá an chéad chuid den bharr ag dul.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí