Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 26:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Beidh sí mar ionad triomaithe eangacha i lár na farraige. Óir mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn - beidh sí ina creach ag na ciníocha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Biáidh sí na leathnughadh líon a meadhon na fairge: óir a dubhairt misi é, a deir an Tighearna DIA: agus biáidh sí na héadáil ag na cineadhachaibh.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 26:5
6 Tagairtí Cros  

sínfidh mé mo lámh in bhur n‑éadan dá bharr. Tabharfaidh mé suas thú mar chreach do na ciníocha; réabfaidh mé as a chéile thú mar náisiún; scriosfaidh mé thú mar thír, millfidh mé thú. Tuigfidh tú ansin gur mise an Tiarna.


Fágfaidh mé thú i do charraig nocht, i d'ionad triomaithe eangacha; ní thógfar arís thú. Mise, an Tiarna, a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nuair a scriosfaidh mé thú mar chathair agus tú a fhágáil amhail cathracha gan lucht cónaithe iontu, nuair a thabharfaidh mé an t‑aigéan aníos os do chionn agus nuair a chlúdóidh na huiscí móra thú;


Tógfaidh siad olagón agus lógóireacht os do chionn, agus iad ag caoineadh ar do shon: Cé riamh a scriosadh mar a scriosadh an Tuír i lár na farraige?


Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé tír na hÉigipte do Nabúcadnazar, rí na Bablóine; tabharfaidh sé leis a maoin go léir idir éadáil agus chreach mar thuarastal dá shlua.


Beidh iascairí ar a bruacha. Leathfar na líonta ó Éan Geidí go hÉan Eaglaím; beidh ilchineálacha éisc inti amhail éisc na Farraige Móire.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí