Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 26:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Ansin tiocfaidh prionsaí uile na farraige anuas óna ríchathaoireacha, bainfidh sibh díobh a gclócaí, cuirfidh uathu a n‑éide bhróidnéirithe. Gléasfaidh siad iad féin agus scanradh orthu; suífidh siad ar an talamh ag crith gan stad, agus uafás orthu mar gheall ortsa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Annsin tiucfuid uile phrionnsadha na fairge a núas as a ccathaóiribh; agus cuirfid a róbadha díobh, agus cuirfid díobh a cculadha bróidnealta: éideochúid síad íad féin lé creathaibh; suidhfid air an ttalamh, agus béid air crioth lé gach áon mhóment, agus biáidh úathbhás orra dot tháobhsa.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 26:16
32 Tagairtí Cros  

Beidh náire mar bhrat ar lucht d'fhuatha Agus rachaidh both na gcoirpeach ar ceal.


Go raibh sé gléasta i mallachtaí mar a bheadh in éadach; go dté siad isteach ina bhaill bheatha amhail uisce agus isteach ina chnámha amhail ola.


Go n‑éadaítear lucht mo chúisithe i dtarcaisne; agus go gclúdaítear iad le náire mar le fallaing.


Clúdóidh mé a naimhde le náire, ach caithfidh sé féin a choróin faoi ghradam.


An dream lenarb áil mo dhochar, go raibh náire is míchlú orthu! Go gclúdaítear le heasonóir is le haithis lucht maíte i m'éadan.


Tháinig suaitheadh ar phrionsaí Eadóm; bhí greim ag an gcreathán ar cheannairí Mhóáb; d'imigh leá ar áithritheoirí Chanán go léir.


Beidh do gheataí ag caoineadh agus ag déanamh mairgní; agus beidh tú i do shuí ar an talamh, tarnocht.


Feiceann insí na farraige é agus gabhann eagla iad, tá an talamh ar crith ó cheann ceann; tá siad ag tarraingt orainn, tá siad i láthair.


Síos leat! Buail fút sa láib, a mhaighdean, a iníon na Bablóine! Anuas leat ó do chathaoir ríoga agus suigh ar an talamh, a iníon na gCaildéach! Óir ní thabharfar ort níos mó maoth ná muirneach.


Craith díot an dusta sin! Bí i do shuí, a Iarúsailéim, a bhraighdeanaigh! Scaoil do mhuineál as a gheimhleacha, a iníon Shíón, a bhraighdeanaigh!


Céard é seo! Briste? Céard é seo! Móáb an ea, á chur ar gcúl go náireach? Céard é seo! Móáb a bheith ina scige, ina ábhar uafáis ag a chomharsana uile?”


Tá seanóirí iníon Shíón ina suí ar an talamh ina dtost, luaithreach caite ar a gceann acu agus iad gléasta in éadach róin; tá a gceann cromtha go talamh ag maighdeana Iarúsailéim.


Thug mé éadach bróidnéirithe duit, bróga leathair, filéad lín agus clóca síoda.


Déanfaidh mé uafás díot; ní mhairfidh tú níos mó. Cé go mbeifear ar do lorg ní bheidh teacht ag aon duine ort choíche arís - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


D'éirigh do chroí teann as do scéimh, thruailligh tú do ghaois mar gheall ar do niamhracht. Theilg mé síos go talamh thú, nocht mé thú os comhair ríthe ionas go mbainfidís lán na súl asat.


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a ndeachaigh sé síos go Seól, thug mé ar an duibheagán caoineadh ar a shon trína aibhneacha a chosc agus a bhflúirse uisce a dhul i ndísc. Chuir mé an Liobáin faoi ghruaim ar a shon agus thug ar chrainn uile na páirce seargadh.


Cuirfidh mé scéin ar a lán daoine mar gheall ort, agus uafás ar ríthe i do thaobh nuair a nochtfaidh mé mo chlaíomh os a gcomhair. Creathnóidh siad gan stad lá do thurnaimh agus eagla an bháis ar an uile dhuine acu.


Tá an rí ag gol, tá an prionsa in anacair chroí, tá lámha mhuintir na tíre ar crith le huafás. Roinnfidh mé leo mar atá tuillte acu agus gearrfaidh mé pionós orthu de réir a mbreithiúnais féin; agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.”


Ar ball beag doirtfidh mé mo fhearg ort, ídeoidh mé mo chuthach ort agus gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat agus daorfaidh mé thú as d'imeachtaí gránna uile.


Gluaisfidh siad i ndiaidh an Tiarna. Búirfidh seisean mar leon, agus nuair a bhúirfidh, rithfidh a chlann mhac chuige ón iarthar agus a gcroí ag preabadh.


Nuair a chuala rí Nínivé an scéal, d'éirigh sé ina sheasamh óna ríchathaoir, bhain a fhallaing ríoga de, chuir sacéadach air féin agus shuigh síos sa luaithreach.


Leagfaidh mé ar lár ríchathaoireacha ríochtaí agus scriosfaidh mé cumhacht na náisiún; leagfaidh mé na carbaid agus na carbadóirí; titfidh capaill agus marcaigh síos, gach ceann acu le claíomh a chomharsan.


Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”


Agus ríthe an domhain, an dream a rinne striapachas léi agus teaspach, déanfaidh siad caoineadh agus lógóireacht fúithi nuair a fheicfidh siad deatach a tóiteáin;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí