Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 24:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Sa naoú bliain, ar an deichiú lá den deichiú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 A ris annsa náomhadh bliadhain, annsa deachmhadh mhí, air an deachmhadh lá don mhí, tháinic bríathar an TIGHEARNA chugamsa, ag rádh,

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 24:1
17 Tagairtí Cros  

Ansin ghéill Iahóiácaín rí Iúdá do rí na Bablóine, é féin, a mháthair, a oifigigh, a uaisle agus a choillteáin, agus chuir rí na Bablóine i mbraighdeanas iad. Ba é sin an t‑ochtú bliain de réimeas Nabúcadnazar.


Sa naoú bliain de réimeas Zidicíá rí Iúdá, sa deichiú mí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine agus a shlua uile in aghaidh Iarúsailéim agus chuir í faoi léigear.


Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí ar an deichiú lá den mhí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine, é féin agus a shlua uile, chun ionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim; shuigh sé a champa ina haghaidh agus thóg crémhótaí ina timpeall.


Ar an gcúigiú lá den mhí - ba í sin an cúigiú bliain a chaith Iahóiácaím rí ar deoraíocht


Sa seachtú bliain, ar an deichiú lá den chúigiú mí, tháinig dream de shinsir Iosrael chun dul i gcomhairle leis an Tiarna agus shuigh síos os mo chomhair.


Cúiteofar bhur ngraostacht libh agus luífidh oraibh ualach na bpeacaí a rinne sibh leis na híola. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna Dia.”


“A mhic an duine, scríobh síos dáta an lae inniu, inniu féin. Chuir rí na Bablóine Iarúsailéim faoi léigear inniu féin.


San aonú bliain déag, ar an gcéad lá den mhí, tháinig briathar an Tiarna chugam:


Sa deichiú bliain, ar an dara lá déag den deichiú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam:


Sa seachtú bliain is fiche, ar an gcéad lá den chéad mhí, tháinig briathar an Tiarna chugam:


San aonú bliain déag, ar an chéad lá den tríú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam:


Sa dara bliain déag, ar an gcéad lá den dara mí déag, tháinig briathar an Tiarna chugam:


Sa dara bliain déag, ar an gcúigiú lá déag [den chéad mhí], tháinig briathar an Tiarna chugam:


Sa dara bliain déag dár mbraighdeanas, ar an gcúigiú lá den deichiú mí, tháinig fear ar a theitheadh ó Iarúsailéim agus dúirt: “Tá an chathair gafa.”


Sa chúigiú bliain is fiche dár mbraighdeanas, ag tús na bliana, ar an deichiú lá den mhí, ceithre bliana déag tar éis scrios na cathrach, bhí lámh an Tiarna orm.


Sa séú bliain, ar an gcúigiú lá den séú mí, agus mé i mo shuí sa bhaile agus sinsir Iúdá ina suí os mo chomhair, thit lámh an Tiarna Dia orm ansiúd.


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Beidh troscadh an ceathrú agus an cúigiú agus an seachtú agus an deichiú mí ina n‑ábhar áthais agus lúcháire agus ina bhféilte aoibhnis do theaghlach Iúdá. Dá bhrí sin, gráigí an fhírinne agus an tsíocháin.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí