Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 23:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Chuaigh siad le striapachas san Éigipt, chuaigh le striapachas le linn a n‑óige. Rugadh barróg ar a gcíocha ansin agus rinneadh muirniú ar a mbrollaigh mhaighdeanúla.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus rinneadar stríopachus annsa Négipt; do rinneadar stríopachus iona nóige: annsin do brúigheadh a gcíche, agus annsin do bhrúigheadar cíocha a maighdíonuis.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 23:3
17 Tagairtí Cros  

Bhí a striapachas chomh mínáireach sin gur thruailligh sí an talamh as a dheireadh; rinne adhaltranas le clocha agus le smutáin adhmaid.


“Ach d'éirigh tú teann as clú d'áilleachta; bhain tú feidhm as do chlú le haghaidh striapachais agus dhoirt tú do dhrúis amach ar chách a chuaigh an bealach.


Le linn d'imeachtaí gránna agus do striapachais níor chuimhin leat laethanta d'óige nuair a bhí tú lom tarnocht i do chróluí féin.


Dúirt mé leo: Caithigí uaibh uafáis a mheallann súile an uile dhuine agaibh agus ná truailligí sibh féin le híola na hÉigipte; is mise an Tiarna bhur nDia.


Ach d'éirigh siad amach i mo choinne agus níor éist siad liom; níor chaith siad uathu na huafáis ar bhain gach duine acu lán na súl astu; níor thréig siad íola na hÉigipte ach oiread. “Shocraigh mé ansin mo dhíbeirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu i lár thír na hÉigipte.


Ach mhéadaigh fós ar a striapachas agus í ag cuimhneamh ar aimsir a hóige nuair a mheirdrigh sí i dtír na hÉigipte,


Bhí tú ag tnúth le graostacht d'óige nuair a rug na hÉigiptigh barróg ar do bhrollach agus nuair a mhuirnigh siad d'ógchíocha.


ólfaidh tú, diúgfaidh tú é. [Stoithfidh tú do chuid gruaige,] réabfaidh tú do chíocha. “Mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.


Oholá ab ainm don sinsear agus Ohoilíbeá dá deirfiúr. Ba liomsa iad agus rug siad mic agus iníonacha. I dtaobh a n‑ainmneacha de ba í an tSamáir Oholá agus Iarúsailéim Ohoilíbeá.


Dúirt mé ansin: Nach ndéanann na fir seo adhaltranas anois nuair a mheirdríonn siad léi?


Níor thréig sí an striapachas a chleacht sí san Éigipt ina hóige nuair a luigh fir léi ag breith ar a brollach maighdeanúil agus á truailliú lena ndrúis.


Tosach na mbriathra a labhair an Tiarna trí Hóisé: Dúirt an Tiarna le Hóisé: “Imigh leat, gabh chugat striapach mná agus bíodh clann striapaí agat, mar níl teorainn leis an striapachas a dhéanann an tír ó d'iompaigh sí ón Tiarna.”


Cúiteoidh mé léi na féilte, ar a ndódh sí túis in onóir na mBálaím agus ar a maisíodh sí í féin lena fáinne agus lena muince brád, chun dul ar thóir a leannán, agus mise dearmadta aici ar fad! - an Tiarna a labhraíonn.


Ná déanfaidis a n‑íobairtí a ofráil a thuilleadh do na saitirí dá ndearnadar striapachas tráth. Dlí síoraí é seo acu féin agus ag a sliocht ó ghlúin go glúin.


“Tá aithne agaibh orthu siúd ar chónaíomar ina measc san Éigipt, iad siúd ar ghabhamar trína dtailte, na ciníocha ar ghabhamar tríothu,


“Bíodh eagla oraibh roimh an Tiarna anois dá bhrí sin agus fónaigí dó go dílis dáiríre. Cuirigí uaibh na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn agus san Éigipt, agus déanaigí fónamh don Tiarna.


Agus beidh a gcorpáin ina luí ar shráid na cathrach móire - ar a dtugtar go fíorúil Sodom, agus an Éigipt mar ar céasadh a dTiarna chomh maith;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí