Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 20:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 “A mhic an duine, labhair le sinsir Iosrael agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: ‘An chun dul i gcomhairle liom a tháinig sibh?’ Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní ligfidh mé daoibh dul i gcomhairle liom.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 A mhic an duine, labhair ré sinsioruibh Israel, agus abair ríu, Is marso a deir an Tighearna DIA; An ttangabhairsi dfíafruighe sgéul díomsa? Mar mhairim, a deir an Tighearna DIA, Ní cheistneochthar misi maille ribh.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 20:3
20 Tagairtí Cros  

Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.


Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n‑urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.


An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí, is gráiniúlacht fiú a urnaí.


Nuair a thagann sibh i mo láthair, cé a d'iarr oraibh urlár mo thí a shiúl?


Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha, iompaím mo shúile uaibh. A liacht paidreacha a deir sibh, níl mise ag éisteacht. Tá bhur lámha lán fola.


Lá in aghaidh an lae tá siad do mo thaithí, ag maíomh toil a bheith acu agus tuiscint do mo shlite, amhail pobal a bheadh ag cleachtadh fíréantachta, in áit a bheith ag tabhairt cúl le dleacht a nDé. Bíonn siad ag cur tuairisc orm faoi dhlíthe córa; is áil leo, más fíor dóibh, druidim le Dia:


Tháinig dream de sheanóirí Iosrael chugam ansin agus shuigh os mo chomhair.


Tháinig briathar an Tiarna chugam:


Má ofrálann sibh bhur mbronntanais, má íobraíonn sibh bhur gclann mhac sa tine, agus sibh féin a thruailliú le bhur n‑uile íola go dtí an lá inniu féin, an bhféadaim ligean daoibh dul i gcomhairle liom? Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní rachaidh sibh i gcomhairle liom.


“A mhic an duine, tá do mhuintir ag caint ort ar na ballaí agus ag doirse na dtithe. Deir siad lena chéile: ‘Tar agus éist leis an mbriathar a ghabh amach ón Tiarna.’


Tuisleofar ó fharraige go farraige; seachránfar ón tuaisceart soir, ar lorg bhriathar an Tiarna agus gan teacht air.


Ansin beidh náire ar na físithe agus ceann faoi ar an lucht fáistine. Clúdóidh siad a mbéal mar ní thabharfaidh Dia freagra orthu níos mó.


Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?


Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht?


Spiorad é Dia, agus lucht a adhartha is i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.”


Chuaigh sé i gcomhairle leis an Tiarna, ach freagra ní bhfuair sé trí thaibhreamh, ná tríd an Úirím ná trí fháithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí