Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 1:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 tháinig briathar an Tiarna chuig Eizicéil sagart, mac Bhúizí, i dtír na gCaildéach ar bhruach na habhann Ceabár. Ba ansin a tháinig lámh an Tiarna orm.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Tháinic bríathar an TIGHEARNA go follus go Hesechiel an sagart, mac Busi, a ccrích na Ccaldéanach láimh ré habhuinn Chebar: agus do bhí lámh an TIGHEARNA air annsin.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 1:3
23 Tagairtí Cros  

Bhí lámh an Tiarna ar Éilias; chrap sé a chlóca timpeall air féin agus rith sé roimh Acháb go himeall Izréil.


Anois tabhair chugam ceoltóir.” Agus a luaithe a sheinn an ceoltóir, luigh lámh an Tiarna air,


Cois sruthanna na Bablóine a shuíomar ag sileadh deor, ag cuimhneamh dúinn ar Shíón.


Tháinig briathar an Tiarna chuige i laethanta Ióisíá mac Amón, rí Iúdá, sa tríú bliain déag dá réim.


Tháinig briathar an Tiarna chugam, á rá:


B'fhéidir go n‑abróidh sibh: ‘Thóg an Tiarna fáithe suas dúinn sa Bhablóin’,


Sa tríochadú bliain, ar an gcúigiú lá den cheathrú mí, nuair a bhí mé i measc na ndeoraithe ar bhruach na habhann Ceabár, d'oscail na flaithis agus chonaic mé físeanna ó Dhia.


D'éirigh na ceiribíní san aer: ba iad na dúile a chonaic mé ag an abhainn Ceabár.


Leathnóidh mise mo líon air agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogall; tabharfaidh mé liom é go dtí an Bhablóin i dtír na gCaildéach, cé nach bhfeicfidh sé é; agus gheobhaidh sé bás ansin.


Thóg an spiorad in airde mé agus rug leis mé, agus d'imigh mé faoi sheirfean agus faoi bhruth feirge agus lámh an Tiarna ag luí go trom orm.


Tháinig mé go Téil Áibíb chuig na deoraithe a bhí ag cur fúthu ar bhruach na habhann Ceabár. D'fhan mé ansin ina measc ar feadh seacht lá agus mé an-chorraithe.


Tháinig lámh an Tiarna orm ansin agus dúirt sé liom: Éirigh, imigh leat isteach sa ghleann, áit a labhróidh mé leat.”


D'éirigh mé agus ar aghaidh liom isteach sa ghleann agus féach, sheas glóir an Tiarna ansin dála na glóire a chonaic mé ag an abhainn Ceabár; agus shléacht mé go talamh.


Tharla go raibh lámh an Tiarna orm an tráthnóna sular tháinig an fear ar a theitheadh; bhí mo bhéal oscailte aige sular tháinig an fear an mhaidin dár gcionn. Osclaíodh mo bhéal agus ní raibh mé balbh a thuilleadh.


Leagadh lámh an Tiarna orm agus thug sé amach faoi luí spiorad an Tiarna mé. Chuir sé síos mé i lár gleanna a bhí lán de chnámha.


Sa chúigiú bliain is fiche dár mbraighdeanas, ag tús na bliana, ar an deichiú lá den mhí, ceithre bliana déag tar éis scrios na cathrach, bhí lámh an Tiarna orm.


Bhí an fhís seo a chonaic mé ar aon dul leis an bhfís a chonaic mé nuair a tháinig sé ag scriosadh na cathrach, agus leis an bhfís a chonaic mé ag bruach na habhann Ceabár. Shléacht mé go talamh.


Sa séú bliain, ar an gcúigiú lá den séú mí, agus mé i mo shuí sa bhaile agus sinsir Iúdá ina suí os mo chomhair, thit lámh an Tiarna Dia orm ansiúd.


Briathar an Tiarna a labhraíodh le Hóisé, mac Bhéirí, in aimsir Uizíá agus Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus in aimsir Iarobám, mac Ióáis, rí Iosrael.


Briathar an Tiarna a labhraíodh le Ióéil, mac Phatuéil.


Deir an Spiorad go dearfa go dtréigfidh daoine áirithe an creideamh sna haimsirí deiridh mar go dtabharfaidh siad aird ar na spioraid bhréagacha agus ar an teagasc a thagann ó na deamhain.


Óir ní ó ghníomh tola daonna a tugadh aon fháistine riamh, ach gur labhair daoine ó Dhia agus iad faoi luí an Spioraid Naoimh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí