Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 9:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Ach anois, go tobann, tá an Tiarna ár nDia tar éis bheith fabhrach linn; d'fhág sé fuíoll áir againn agus thug sé tearmann dúinn ina áit naofa; sin mar a thug Dia cáil solais dár súile agus cáil faoisimh ónár mbraighdeanas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus a nois a mbeagáin aimsire do taisbeanadh grása ó ar TTIGHEARNA Día, fuighioll dfágbháill dínn do dhul as, agus do thabhairt táirnge dhúinn iona áit náomhtha, le bhfoisceolaidh ar Ndía ar súile, agus aithbheóghadh beag do thabhairt oruinn as ar ndaoirsine.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 9:8
36 Tagairtí Cros  

Go gcluine an Tiarna do Dhia briathra uile an phríomhchornaire a chuir a mháistir, rí na hAsaíre, chun masla a thabhairt do Dhia beo, agus go ndéana an Tiarna do Dhia na briathra a chuala sé a agairt. Cuir suas do ghuí dá bhrí sin ar son an iarmhair atá fágtha.’ ”


Óir is daoir sinn. Mar sin féin ní dhearna Dia dearmad dínn inár ndaoirse, ach nocht sé a bhuanghrá inár leith i láthair ríthe na Peirse agus fuair sé cead dúinn Teampall ár nDé a atógáil agus caoi a chur ar a fhothracha agus chuir sé foscadh agus dídean ar fáil dúinn in Iúdá agus in Iarúsailéim.


A Thiarna tabhair cluas d'urnaí do shearbhónta agus d'urnaí do shearbhóntaí gur gean leo urraim a thabhairt do d'ainm. Cuir an rath ar do shearbhónta inniu, agus deonaigh go mbeidh gnaoi an fhir seo air.” Ba chornaire ag an rí mé an uair úd.


Ach, le barr grá, níor chuir tú deireadh leo, Níor thréig tú ar fad iad, Mar is Dia lách cineálta thú.


Fuasclaíonn sé a anam ón uaimh, Le go mbeadh solas na beatha ag taitneamh air.


Cá fhad a mhairfidh m'anam á bhuaireamh agus cathú i mo chroí i gcaitheamh an lae? Cá fhad a choimeádfaidh mo namhaid faoina réir mé?


Féach orm agus freagair mé a Thiarna, a Dhia liom. Soilsigh mo shúile sula dtitfidh codladh an bháis orm,


Bíodh go siúlaim i lár na trioblóide, tugann tú beatha dom in aghaidh fraoch m'eascairde. Síneann tú do lámh chugam do mo shaoradh; agus fóirfidh tú orm le do dheasláimh.


Bhí mé ag lorg an Tiarna agus d'éist sé liom agus d'fhuascail sé ó m'eagla go léir mé.


An mbeidh tú i bhfeirg linn go brách, nach mbeidh deireadh go deo le do fhraoch?


Castar an bochtán agus an t‑úsaire ar a chéile; cuireann an Tiarna léas ina súile araon.


Broid is ea briathra na saoithe agus is cosúil le tairní dea-dhaingnithe an díolaim seanráite a thug an t‑aon aoire amháin uaidh.


Ach gur fhág Tiarna na Slua fuíoll áir, ba chuma sinn nó Sodom, ba le Gomorá ár samhail.


An lá a dtabharfaidh an Tiarna faoiseamh duit tar éis do chrá agus do chorraíola, agus tar éis na daoirse déine a raibh tú daortha ann, crochfaidh tú suas an t‑amhrán seo mar aoir ar rí na Bablóine:


tabharfaidh mé dóibh leacht agus ainm i mo theach féin agus laistigh de mo bhallaí, rud is fearr ná clann mhac agus iníonacha; tabharfaidh mé dóibh ainm síoraí, ainm nach gcealófar go deo.


Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.


agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán, is é an scrios atá i ndán dóibh freisin, ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán. Síol naofa is ea an grágán sin.”


agus dúirt siad leis: “Guímid thú éist lenár n‑achainí! Guigh ar ár son chun an Tiarna do Dhia, ar son an fhuíll seo uile - óir níl fágtha againn ach beagán de mhórán, mar is léir do do shúile féin -


De fhuíoll Iúdá a chuaigh go dtí an Éigipt chun cónaí ann, ní rachaidh as agus ní mhairfidh beo aon duine chun filleadh go tír Iúdá mar a bhfuil fonn orthu cónaí aris. Ní fhillfidh aon duine díobh, ach dornán beag dídeanach.’ ”


Ach má fhágtar aon duine ann le bhur mic agus bhur n‑iníonacha a tharrtháil; nuair a thiocfaidh siad chugaibh agus nuair a fheicfidh sibh a n‑iompar agus a ngníomhartha, gheobhaidh sibh sólás cúitimh as an olc a thug mé ar Iarúsailéim, as ar tharraing mé anuas uirthi.


Cuirfidh sé anam arís ionainn i gceann dhá lá, ar an tríú lá cuirfidh sé inár seasamh sinn arís, ionas go mairfimid os a chomhair.


Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d'éachtaí; a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm. Déan arís í lenár linn féin; lenár linn féin nocht dúinn í athuair. D'ainneoin tú a bheith suaite le fearg cuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh.


Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár agus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídean in ainm an Tiarna.


Is uaidh a thiocfaidh an chloch chúinne agus an pionna botha, an bogha cogaidh agus gach ceannasaí.


“Beidh rath agus bláth ar a síol; tabharfaidh an fhíniúin a caora agus an talamh a thorthaí; fearfaidh na spéartha a ndrúcht, agus cuirfidh mé iarmhar an phobail seo i seilbh na maitheasaí seo go léir.


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Más geall le míorúilt é seo le hiarmhar an phobail seo sna laethanta sin, an gá gurb ionadh liomsa é?” - a deir Tiarna na Slua.


Agus fógraíonn Íseáia faoi Iosrael: “Bíodh clann Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá, ní shlánófar ach a bhfuíoll,


An té a bheireann bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé, agus ní rachaidh sé amach go deo arís; agus scríobhfaidh mé ainm mo Dhé air, agus ainm cathrach mo Dhé, an Iarúsailéim Nua, a thiocfaidh anuas ó neamh ó mo Dhia, agus m'ainm nua féin.


Ach níor chuala Iónátán a athair ag cur an phobail faoi bhrí an mhionna, agus shín sé barr an bhata a bhí ina ghlaic agus thum sa chíor é agus chuir a lámh chun a bhéil, agus tháinig preab ina shúile.


D'fhreagair Iónátán: “Rinne m'athair dochar don tír; féach nach mó an phreab atá i mo shúile anois mar gur ith mé an bhéalóg mheala sin?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí