Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 8:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 agus sheol mé iad go hIdeo ceannasaí shanctóir Chásaifiá; d'inis mé dóibh an teachtaireacht a bhí le tabhairt acu do Ideo agus dá bhráithre a bhí ag cur fúthu i sanctóir Chásaifiá .i. searbhóntaí a sholáthar dúinn do Theampall ár nDé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus do chuir mé íad maille re haithne go Hiddo an ceann san nionad Casiphia, agus dinnis mé dhóibh cred a déaraidís re Híddo, agus re na dhearbhraithribh na Netinimigh, ansa náit Casiphia, go ttugaidis leó chuguinn seirbhísigh chum tighe ar Ndé.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 8:17
16 Tagairtí Cros  

“Nach bhfuil lámh Ióáb ar do chúl sa ghnó seo go léir?” d'fhiafraigh an rí. D'fhreagair an bhean agus dúirt: “Chomh cinnte agus atá tú i do bheatha, a thiarna liom agus a rí, níl dul as ar dheis nó ar chlé ó na nithe a dúirt mo thiarna an rí liom. Sea, is é d'óglach Ióáb a d'iarr é seo orm; chuir sé na focail seo go léir i mbéal d'ionailte.


téigh go dtí an rí agus abair a leithéid seo leis,” agus chuir Ióáb a raibh le rá aici ina béal.


Ba iad an chéad dream a chuir fúthu arís ina dtailte agus ina gcathracha ná na hIosraelaigh, na sagairt, na Léivítigh, agus freastalaithe an Teampaill.


Na tíolacthaigh: clann mhac Zícheá, clann mhac Hasúpá, clann mhac Thabáót,


Líon iomlán na dtíolacthach, agus chlann mhac dhaoir Sholaimh: trí chéad naocha a dó.


Chuaigh líon áirithe Iosraelach, sagairt, Léivítigh, cantairí, gardaí geata, agus tíolacthaigh suas go Iarúsailéim sa seachtú bliain de réimeas Artaxarxaes rí.


Chuir mé Eilíeizir, Airíéil, Seamaiá, Ealnátán, Iáiríb, Ealnátán, Nátán, Zacairiá agus Misiulám, dream tuisceanach -


Labhróidh tusa leis agus cuirfidh tú na focail ina bhéal. Beidh mise mar thaca le do bhéalsa agus lena bhéalsan, agus múinfidh mé duit a bhfuil le déanamh agat.


Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom: “Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal. Ceapaim thú inniu os cionn ciníocha agus os cionn ríochtaí,


Is mar seo a d'fhreagair an Tiarna: “Má fhilleann tú, tabharfaidh mé liom arís thú ar aimsir; agus má labhraíonn tú go huasal agus ní go suarach, beidh tú amhail mo bhéal féin. Fillfidh siadsan ortsa, ach ná fillse orthusan.


Agus siúd iad bhur mbráithre, na Léivítigh, tógtha agam as chlann Iosrael mar thabhartas duit; mar thoirbheartaigh, is leis an Tiarna iad le fónamh ag Both na Teagmhála.


Ardóidh mé suas fáidh mar thusa dóibh, ó lár a mbráithre; cuirfidh mé mo bhriathra ina bhéal agus inseoidh sé dóibh gach a n‑ordaím dó.


Is é fáth ar fhág mé i gCréit thú, go gcuirfeá ord agus eagar ar an obair a bhí fós le déanamh agus go gceapfá seanóirí i ngach baile de réir na dtreoracha a thug mé duit:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí