Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 7:26 - An Bíobla Naofa 1981

26 Má dhiúltaíonn aon duine do dhlí do Dhé - agus is é sin leis dlí an rí - cuirtear an daorbhreith i bhfeidhm air go dian - bás nó ionnarbadh, gabháil maoine nó carcair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Agus gidh bé nach déana do réir dhlighe do Dhése, agus dlighe an righ, déantar breitheamhnus ar báll air, mas bás é, nó díbirt, nó caill a mhaóine, nó príosúntachd.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 7:26
12 Tagairtí Cros  

Ach bhí lámh Dé ghníomhach in Iúdá, á dtabhairt ar aon chroí le hordú an rí agus a fheidhmeannach a chomhlíonadh, mar a bhí ordaithe ag briathar an Tiarna.


Éirigh! Is é do chúramsa é, ach beimidne le d'ais. Bíodh misneach agat! Ar aghaidh leat!”


agus aon duine nach dtiocfadh laistigh de thrí lá - ba é sin rabhadh na gceannairí agus na seanóirí - go ndéanfaí a mhaoin go léir a ghabháil agus é féin a dhíbirt ó chomhthionól na ndeoraithe.


Tá an reacht seo á dhéanamh agam chomh maith: má sháraíonn aon duine an forógra seo, déantar cearchaill a staitheadh as a theach, déantar é a chéasadh uirthi, agus déantar carn aoiligh dá theach.


An Dia a chuir a ainm chun lonnaithe ann, go dtreascra sé aon rí nó aon dream a mbeidh sé de dhánaíocht iontu é seo a shárú agus Teampall Dé in Iarúsailéim a scrios! Mise, Dáire, a thug an forógra seo. Déantar é a chomhlíonadh go beacht!”


Is ansa leat an t‑olc ná an mhaitheas, an t‑éitheach ná an fhírinne.


‘Mallacht ar an té nach ndaingníonn briathra an dlí trína gcomhlíonadh.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí