Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 7:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Ní foláir gach a n‑ordaíonn Dia neimhe a chur i gcrích le díograis ar mhaithe le Teampall Dhia neimhe, le heagla go dtiocfadh fraoch a fheirge ar ríocht an rí agus a mhac.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Gidh bé ní do haithnigheadh lé Día neimhe, déantar go dúthrachtach é do thigh Dé neimhe: óir cred as a mbíath fearg a naghaidh rioghachta an righ nó a mhac?

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 7:23
8 Tagairtí Cros  

Seo iad m'orduithe: aon duine i mo ríocht de phobal Iosrael, dá sagairt nó dá Léivítigh, a roghnóidh dá thoil féin, dul suas go Iarúsailéim, níl a bhac air dul leat.


An fearasbarr óir agus airgid, caith é mar is áil leat féin agus le do bhráithre de réir thoil do Dhé.


gan agaibh mar theorainn ach céad tallann airgid, céad tomhas cruithneachta, céad dabhach fíona, céad dabhach ola, agus an oiread salainn agus a éilítear.


Thug tú do phroiceapta dúinn go gcomhlíonfaí go beacht iad.


“Tháinig Dia na nEabhrach an treo chugainn,” ar siad; “tabhair cead dúinn aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia le heagla go dtiocfadh sé sa mhullach orainn le plá nó le faobhar claímh.”


Déanaigí leas na [tíre] inar chuir mise sibh ar deoraíocht; guígí chun an Tiarna ar a son, óir is ar a leas siúd atá seasamh bhur leasa-sa ag brath,”


Ar an lá sin, déanfaidh mé cloch thógála de Iarúsailéim do na náisiúin go léir; na daoine a thugann iarracht ar í a thógáil suas, gortóidh siad iad féin go mór, agus cruinneoidh náisiúin uile an domhain ina haghaidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí