Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 7:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Artaxarxaes, rí na ríthe, don sagart Eazrá, scríobhaí dhlí Dé neimhe, [síoth agus síocháin!].

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Artacsercses, rígh na ríogh, chum Esra an sagart, scribhneóir dhlighe Dé neimhe, síothchain iomlán, agus annsa namsin.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 7:12
15 Tagairtí Cros  

Chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir le chéile - bhí dhá rí dhéag ar fhichid fairis, agus eachra agus carbaid - agus ghabh sé suas le léigear a chur ar an tSamáir agus í a ghabháil de ruathar.


“Mar seo a deir Cíoras rí na Peirse: ‘Thug an Tiarna, Dia neimhe, ríochtaí uile na cruinne dom, agus chuir sé de dhualgas orm Teampall a thógáil dó in Iarúsailéim, in Iúdá.


Sé freagra a thug an rí orthu na seo: Do Rachúm an rialtóir, do Shimseai an rúnaí, agus dá gcomhghleacaithe eile atá ag cur fúthu sa tSamáir agus sa chuid eile den chúige thar Eofrataes, beatha agus slainte! Sa mhéid


Tar éis na n‑imeachtaí sin, i réimeas Artaxarxaes rí na Peirse, ghabh Eazrá mac Sharáiá, mac Azairiá, mac Hilcíá,


Seo cóip den cháipéis a thug Artaxarxaes rí d'Eazrá an sagart agus an scríobhaí a bhí oilte go sainiúil ar théacs aitheanta an Tiarna agus ar a dhlíthe ag baint le hIosrael.


ghabh an fear seo Eazrá suas ón mBablóin. Ba scríobhaí é a bhí oilte ar dhlí Mhaois, an dlí a thug an Tiarna, Dia Iosrael. Thug an rí dó gach ar iarr sé mar bhí gnaoi a Dhé, an Tiarna, air go tréan.


Bhí sé ag rá: “Nach cuma nó ríthe mo cheannairí go léir? Nach ionann iad Calno agus Cairceimis?


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, seolfaidh mé Nabúcadnazar, rí na Bablóine, rí na ríthe, aduaidh i gcoinne na Tuíre, le capaill agus carbaid agus marcshlua - le comhthionól mór daoine.


Taispeánfaidh Dia dúinn é ina mhithidí féin: An Dia beannaithe atá ina aon cheannasaí, atá ina rí ar na ríthe agus ina thiarna ar na tiarnaí;


Fearfaidh siad sin cogadh ar an Uan, ach cloífidh an tUan iad mar is é sin tiarna na dtiarnaí agus rí na ríthe; agus a lucht leanúna, is iadsan an lucht a glaodh, na tofaigh, na dílsigh.”


Scríofa ar a fhallaing agus ar a shliasaid aige tá: “Rí na Ríthe agus Tiarna na dTiarnaí.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí